Aonad gnó de chuid Dúrud Teoranta is ea nascanna.com agus é mar sprioc aige an Ghaeilge a chur chun cinn i réimse na ríomhaireachta.

Roinnt de na tionscadail atá ar bun againn i láthair na huaire ná:

  • Cur chun cinn áiseanna ríomhaireachta ginearálta sa Ghaeilge
  • Cur chun cinn áiseanna ríomhaireachta dírithe ar an nGaeilge féin
  • Gléasra ríomhaireachta oiriúnach a chur ar fáil

Ceann de na gléasanna atá ar fáil ó Dúrud ná an chéad mhéarchlár ríomhaireachta riamh a cruthaíodh don Ghaeilge féin, ina bhfuil cnaipí ar leith ann do na gutaí fada, rud a chabhraíonn go mór le scríobh na teanga. Slán le AltGr agus an mhéarchleasaíocht go léir a ghabhann leis!

Scroll to Top