Do Pháistí Óga (4)
Uirlisí Oifige (11)
Idirlíon (3)
Ilmheáin (9)
Cluichí (2)
Áiseanna Teanga (5)
Comhrá & Comhluadar (3)
Áiseanna Gréasáin (3)
Eile (4)
Raidió agus Teilifís (0)
Is brabhsálaí saor ó chostas, agus bunaithe ar fhoinse oscailte, é Mozilla Firefox. Is iad na gnéithe is suntasaí ná cé chomh gasta agus chomh héasca atá sé le suiteáil agus le feidhm a bhaint as. Is feidhmchlár éadrom agus gasta é a chomhlíonann na príomhchaighdeáin idirlín. Tá sé in úsáid go forleathan, go háirithe san Eoraip, áit a bhfuil beagnach an oiread céanna úsáideoirí aige agus atá ag Microsoft Internet Explorer (atá díreach curtha ar fáil sa Ghaeilge).
Bíonn gach mac máthair ag nochtadh a thuairimí ar an ngréasán ar na saolta seo agus is iomaí bealach atá ann chun é sin a dhéanamh. Is féidir do shaol a roinnt le cách ar Facebook nó teachtaireachtaí gearra a fhoilsiú ar Plurk. Ach más mian leat dialann rialta a fhoilsiú ar an ngréasán domhanda is féidir blag a chruthú. Tá suíomh ann anois, WordPress, a chuireann ar do chumas blag a thosú go furasta, agus le comhéadan i nGaeilge. Is féidir blag a chruthú saor ó chostas ar WordPress.