Do Pháistí Óga (14)
Uirlisí Oifige (23)
Idirlíon (7)
Ilmheáin (10)
Cluichí (12)
Áiseanna Teanga (18)
Comhrá & Comhluadar (8)
Áiseanna Gréasáin (8)
Eile (8)
Raidió agus Teilifís (5)
Cluiche boird is ea Scrabble. Modh an chluiche ná focail a chur ar an gclár ar bhealach cosúil le crosfhocal. Is féidir le suas le ceathrar imreoir páirt a ghlacadh sa chluiche. Faigheann gach imreoir líon teoranta litreacha (7 nó 8 de ghnáth). Duine a ndiaidh a chéile, caithfidh na himreoirí iarracht a dhéanamh focail bhailí a dhéanamh leis na litreacha atá acu, agus iad a nascadh leis na focail atá ar an gclár cheana féin. Braitheann luach na bhfocal ar luach na litreacha (tá luach níos airde ar litreacha atá níos annaimhe) agus ar na cearnóga bisigh a iolraíonn scór litreach nó scór an fhocail iomláin. Is é cuspóir an chluiche an scór is airde a fháil.
Is cluiche ar-líne, do pháistí sna blianta deireanacha den bhunoideachas, is ea Toporopa. Is é atá ann dáiríre ná sraith cluichí idirghníomhacha bunaithe ar thíreolaíocht na hEorpa. Fiafraítear cad iad na haibhneacha móra, na cathracha is tábhachtaí, agus a leithéid sin. Mar sin, is cluiche oideachasúil é den chuid is mó. Ní miste do dhaoine fásta na cluichí seo a imirt sula molann siad iad do pháistí!
Seo leagan Gaeilge den chluiche Hangman. Déantar iarracht tomhais a dhéanamh ar fhocail i nGaeilge, a fhaid agus atá an créatúr bocht á chrochadh as an gcrann.
Is é atá i Scratch ná áis spraoi agus áis foghlama do pháistí óga. Is é atá á mhúineadh ná coincheapa ríomhaireachta, agus déantar é seo ar bhealach an-tarraingteach simplí do pháistí. Is féidir pearsana a chruthú agus a chur ag caint, nó ag canadh, nó ag gluaiseacht ar an scáileán. Is féidir leis an tuismitheoir aithne a chur ar an bhfeidhmchlár go tapa, agus ansin obair i dteannta an pháiste
Is cluiche tíreolaíochta deacair é Seterra le breis agus 100 cluiche éagsúla ann. Imir na cluichí agus foghlaim faoi áiteanna agus nithe eile nach raibh ar eolas agat. Freagair ceisteanna faoi phríomhchathracha ar fud na cruinne; triail na sléibhte is airde ar domhan a ainmniú; aithin bratacha tíortha agus neart eile. Ní cluiche amháin é seo - is ceacht ollmhór tíreolais é!
Is cluiche idirghabhála é An Caife Craosach ina roghnaíonn an t-imreoir carachtar amháin, Gabe nó Gabby, le bheith mar bhainisteoir ar bhialann neamhghnách i mBaile Ravenwood. Caithfidh an t-imreoir freastal go sásúil ar na hollphéisteanna ar fad atá mar chustaiméirí na bialainne ionas go n-íocfaidh gach ceann acu sula bhfágfar. Is féidir an físchluiche seo a íosluchtú saor in aisce anois.
Tá cuideachta atá lonnaithe sa Digital Hub, BitSmith Games, tar éis cluiche nua den chaighdeán is airde a fhorbairt agus é bunaithe ar An Táin agus scéalta bainteach le Cú Chulainn. Tá an cluiche seo ar fáil i dtogha na Gaeilge, chomh maith le Béarla. Tá ag éirí go han-mhaith leis an gcluiche seo ar na margaí ina bhfuil sé ar díol.
Tá suíomh idirlín ann, ó SUMS on-line (iLearn.ie), a bhaineann gaelscoileanna leas as chun matamaitic a mhúineadh do pháistí óga. Tabhair amharc air! Bainfidh na páistí taitneamh as.
Tá anseo.net tar éis roinn aip-eanna simplí a chur ar fáil mar áis foghlama teanga do pháistí óga. Mar shampla, tá ceann amháin a dhíríonn ar baill an choirp, ceann eile ar dhathanna, agus ceann ar an aimsir. D’fhéadfadh siad seo a bheith úsáideach do pháistí óga.
Tá nós ann físeáin a dhéanamh de chluichí ríomhaireachta, mar áis chun an cluiche a fhoghlaim, agus mar sin de. Le déanaí tá daoine á dhéanamh seo i nGaeilge, agus is iontach é sin a fheiceáil. Seo iarracht ar chuntas a thabhairt de na háiteanna ina n-aimseofar na físeáin seo. Is áis mhaith iad freisin chun barr feabhais a chur ar do cuid Gaeilge.
Is treoirthionscadal é Nanoquest atá á dhíriú ar pháistí scoile idir 13-15 bliana d’aois a bhfuil suim acu sa nanaitheicneolaíocht agus san eolaíocht i gcoitinne. Chun suim “Ghlúin an Phlaystation” a mhúscailt roghnaíodh cluiche ríomhaire tríthoiseach mar mheán. Tá aidhm dhúshlánach spraíúil ag an gcluiche, agus tarraingíonn sé coincheapa nua na nanaitheicneolaíochta anuas sna dúshláin éagsúla.