Do Pháistí Óga (9)
Uirlisí Oifige (5)
Idirlíon (4)
Ilmheáin (2)
Cluichí (9)
Áiseanna Teanga (6)
Comhrá & Comhluadar (6)
Áiseanna Gréasáin (7)
Eile (2)
Raidió agus Teilifís (5)
Is dialann chaidreamhach é Plurk. Is féidir teachtaireachtaí gearra a fhoilsiú air chun insint don saol mór cad atá ar siúl agat nó chun pé rud eile is mian leat a rá. Is féidir do chuntais Facebook, Twitter agus LinkedIn a nuashonrú trí Plurk freisin. Foilsítear na teachtaireachtaí ar líne ama.
Is suíomh iontach é Facebook chun fanacht i dteagmháil le cairde agus daoine eile ar fud na cruinne. Tá breis agus 500 milliún cuntas Facebook ann! Is féidir íomhánna a fhoilsiú agus teachtaireachtaí a scríobh ar do leathanach féin agus iad a roinnt. Is é Facebook an suíomh idirlín caidreamhach is iomráití.
Saghas feidhmchlár ghréasáin is ea vicí (.i. wiki an Bhéarla) a cheadaíonn do na húsáideoirí ábhar a chur leis (ar nós fóram idirlín), agus a cheadaíonn dóibh an t-ábhar a chur in eagar (nó a cheartú!) chomh maith. Tugtar an téarma vicí ar na bogearraí chomhoibríocha a úsáidtear chun an saghas suímh Gréasáin sin a chruthú. Leis an áis áirithe seo, is féidir leat do láithreán féin idirlín a fhorbairt, agus cead a thabhairt do dhream teoranta daoine leasuithe a dhéanamh air. Tá sé saor ó chostas.
Cluiche boird is ea Scrabble. Modh an chluiche ná focail a chur ar an gclár ar bhealach cosúil le crosfhocal. Is féidir le suas le ceathrar imreoir páirt a ghlacadh sa chluiche. Faigheann gach imreoir líon teoranta litreacha (7 nó 8 de ghnáth). Duine a ndiaidh a chéile, caithfidh na himreoirí iarracht a dhéanamh focail bhailí a dhéanamh leis na litreacha atá acu, agus iad a nascadh leis na focail atá ar an gclár cheana féin. Braitheann luach na bhfocal ar luach na litreacha (tá luach níos airde ar litreacha atá níos annaimhe) agus ar na cearnóga bisigh a iolraíonn scór litreach nó scór an fhocail iomláin. Is é cuspóir an chluiche an scór is airde a fháil.
Tá suíomh nua Éireannach curtha ar bun inar féidir le daoine comhrá ar-líne, le tacaíochta físeáin freisin, a bheith acu le chéile. Ní mór clárú leis an suíomh seo, agus eolas faoi d’ábhair spéise a chur ann. Nuair a bheidh a dhóthain daoine cláraithe ar an suíomh seo, beidh sé éasca go leor acu caint lena chéile.