Do Pháistí Óga (14)
Uirlisí Oifige (23)
Idirlíon (7)
Ilmheáin (10)
Cluichí (12)
Áiseanna Teanga (18)
Comhrá & Comhluadar (8)
Áiseanna Gréasáin (8)
Eile (8)
Raidió agus Teilifís (5)
Is bainisteoir comhad é IZArc. Is féidir iliomad comhad a chomhbhrú (.i. a “zipeáil") le chéile chun iad a sheoladh i ríomhphost, nó a stóráil, sa chaoi is go mbeidh siad in eagar agus níos lú ná mar a bheidís agus iad ina n-aonar. Cruthaítear comhad nua, agus is é a bhíonn ann ná na comhaid atá comhbhrúite le chéile. Bíonn iarmhír ZIP nó a leithéid sin air de ghnáth. Is féidir le hIZark comhaid dá leithéid seo, ar nós ZIP, RAR, ARC, ARJ, ACE, LZH agus neart eile a oscailt freisin. Is do ríomhairí Windows amháin é IZArc.
Gasta, feidhmiúil agus saor in aisce. Is é µTorrent an ríomhchlár BitTorrent is mó a bhaintear feidhm as ar domhan. Ligeann µTorrent duit comhaid Torrent a íosluchtú agus a roinnt le daoine eile gan dua. Tá sé ar fáil do Windows, Mac agus Linux (trí Wine). Is ríomhchlár beag é nach mbaineann leas as mórán cuimhne. Is féidir é a shaincheapú freisin. Is féidir cuma an ríomhchláir a athrú trí “chraiceann” a chur air. (Is féidir craicinn a íosluchtú saor in aisce ó shuíomh na gcraiceann.)
Más mian leat An Bíobla Naofa a léamh i nGaeilge ar do ríomhaire, tá áis ann duit. Is éard atá in e-Sword ná ríomhchlár don Bhíobla. Is féidir an téacs i nGaeilge a léamh le hais téacs i dteangacha eile: tá sé ar fáil in an-chuid teangacha. Is féidir freisin léarscáileanna agus íomhánna a fheiceáil chun tíreolas an Bhíobla a thuiscint. Tá foclóirí agus nótaí tráchtaireachta ar fáil freisin chun tuilleadh eolais agus tuisceana a fháil air. Is do ríomhaire Windows amháin a oireann e-Sword.
Is ríomhchlár é Poedit chun comhaid theangacha do ríomhchláir eile a aistriú. Tá foinse oscailte aige agus tá sé ar fáil saor ó chostas. Is ríomhchlár beag é agus ní bhaineann sé feidhm as mórán cuimhne ar ríomhairí.
Déan Beart: más mian leat cuidiú chun ríomhchláir a aistriú go Gaeilge, íosluchtaigh Poedit agus léigh an t-eolas ar an leathanach seo faoi conas é sin a dhéanamh.
Is ríomhchlár é Workrave a chabhraíonn leat gortú athstraidhneála a sheachaint agus chun biseach a fháil uaidh. Agus tú i mbun oibre ar do ríomhaire, is féidir stangadh a bhaint as do chorp. Tugann Workrave rabhadh duit sosanna a ghlacadh agus do scíth a ligeadh ar feadh seala. Mar aon leis sin, tá sraith cleachtaí mar chuid de a mholtar duit a dhéanamh ó am go ham ionas nach mbeidh tú suite sa suíomh céanna an lá ar fad. Feidhmíonn sé ar Windows agus ar Linux.
Is é atá i Scratch ná áis spraoi agus áis foghlama do pháistí óga. Is é atá á mhúineadh ná coincheapa ríomhaireachta, agus déantar é seo ar bhealach an-tarraingteach simplí do pháistí. Is féidir pearsana a chruthú agus a chur ag caint, nó ag canadh, nó ag gluaiseacht ar an scáileán. Is féidir leis an tuismitheoir aithne a chur ar an bhfeidhmchlár go tapa, agus ansin obair i dteannta an pháiste