Do Pháistí Óga (4)
Uirlisí Oifige (11)
Idirlíon (3)
Ilmheáin (9)
Cluichí (2)
Áiseanna Teanga (5)
Comhrá & Comhluadar (3)
Áiseanna Gréasáin (3)
Eile (4)
Raidió agus Teilifís (0)
Tá Pacáiste Comhéadan Teanga don Ghaeilge ar fáil don chóras oibriúcháin KDE do Linux. Nuair a chuirtear an comhéadan seo i bhfeidhm, is i nGaeilge a bhíonn na codanna is mó a bhaintear leas astu faoin gcóras (ar a laghad 95% de na teachtaireachtaí is coitianta). Tá an téarmaíocht Ghaeilge an-sothuigthe. Ar ndóigh tá KDE saor in aisce, mar baineann sé leis an bhfealsúnacht Foinse Oscailte.
Is córas oibriúcháin de chuid Linux é Ubuntu atá ar fáil saor in aisce. Dearadh é le go mbeadh daoine in ann dul i dtaithí air gan dua agus go mbeadh sé furasta feidhm a bhaint as. Bíonn Ubuntu lán le ríomhchláir réamhshuite amhail Mozilla Firefox, LibreOffice agus araile. Is féidir Ubuntu a shuiteáil ar do ríomhaire agus Gaeilge a roghnú mar theanga an chomhéadain. Is féidir Ubuntu amháin a shuiteáil ar ríomhaire nó is féidir é a shuiteáil ar ríomhaire ar a bhfuil Windows cheana féin.