Is dialann chaidreamhach é Plurk. Is féidir teachtaireachtaí gearra a fhoilsiú air chun insint don saol mór cad atá ar siúl agat nó chun pé rud eile is mian leat a rá. Is féidir do chuntais Facebook, Twitter agus LinkedIn a nuashonrú trí Plurk freisin. Foilsítear na teachtaireachtaí ar líne ama.
Chun an Ghaeilge a roghnú ar Plurk.com, ní mór dul go dtí roghchlár na teangacha ag bun an leathanaigh. Brúigh an saighead agus roghnaigh Gaeilge.
| Bainisteoir Aistriúcháin: | Seanán Ó Coistín |
| An tAistriúchán: | Tá an suíomh ar fad aistrithe go Gaeilge. |
| Moltaí Aistriúcháin: | seanan@durud.ie |

| Údar: | Plurk |
| Ceadúnas: | Saor |