Cuir leis an stóras atá ann! Is féidir leat cur leis ar an gcaoi seo:
Aimsigh feidhmchlár a thaitníonn leat, nó a mheasann tú a bheith fónta, agus déan fiosrú ón té a d’fhorbair é (féach “About” de ghnáth chun an t-eolas seo a fháil) maidir le leaganacha i dteangacha eile. An bhfuil siad ann? Má tá, agus mura bhfuil Gaeilge ar fáil, déan tairiscint tabhairt faoina aistriú.

D’fhéadfaí leas a bhaint as uirlis bainistíochta aistrithe, ar nós Launchpad nó a leithéid sin (Ach féach na nótaí ar Launchpad anseo). Agus má bhíonn cúnamh uait, scaip an scéal faoi, agus tiocfaidh daoine i gcabhair ort.
Féach an liosta tograí atá á logánú i láthair na huaire, agus roghnaigh ceann. Aistrigh cúpla líne!

Tá dhá ghrúpa logánaíochta ar leith, Mozilla-L agus OpenOffice.org as Gaeilge, atá ag feidhmiú ar chaighdeán gairmiúil. Chuirfidís siúd fáilte roimh bhaill nua, ach iad a bheith cáilithe chuige. Féach na nascanna cuí.
Ba bhreá linne cloisteáil ó éinne atá gafa le logánú go Gaeilge, nó a bhfuil spéis aige nó aici i dtogra dá leithéid. Ní neart go cur le chéile!
Seol teachtaireacht chugainn ag eolas@nascanna.com.
Má theastaíonn uait páirt a ghlacadh, ach nach bhfuil a fhios agat cén áit le tosú, seol scéal chugainn agus beimid in ann comhairle a thabhairt duit.
Na déan dearmad an oiread úsáidte agus is féidir a bhaint as na feidhmchláir atá ann!