Dúrud Teoranta

Is smaoineamh agus togra de chuid Dúrud Teoranta, cuideachta lonnaithe i mBaile Átha Cliath, an suíomh seo. Mheas an chuideachta go raibh gá le heagar a chur ar na háiseanna iontacha ríomhaireachta atá ann i nGaeilge, agus le daoine a chur ar an eolas fúthu. Ná bídís ina rúnta!

Buíochas

Gabhaimid buíochas mór le Foras na Gaeilge a thug cúnamh chun an obair seo a chur i gcrích.

Comhghairdeas

Tréaslaímid freisin leis na comhlachtaí, na forais, agus go háirithe leis na daoine aonaracha ar fad a chuir na feidhmchláir agus na háiseanna eile ar fad a luaitear ar an suíomh seo ar fáil. Táimid ar fad faoina gcomaoin.

I measc na ndaoine a rinne an obair seo tá:

Kevin P. Scannell, Séamus Ó Ciardhuáin, Seanán Ó Coistín, Pat Folan, Marion Gunn, Sean Kelley, Iarla Mac Aodha Bhuí, Enda McGuinness, Alastair McKinstry, Páraic Ó Cualáin, Peadar Ó Guilín, Brian Ó Broin, Aaron Kearns, ...

Tá daoine eile ann freisin. Ba bhreá linn cloisteáil uaibh!

Cúlra

Chun a thuilleadh eolais a léamh maidir leis an togra seo, féach ar na naisc ar chlé.

TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ