Rainlendar »

Is féilire tarraingteach do ríomhairí é Rainlendar. Coimeádann an feidhmchlár seo na himeachtaí is tábhachtaí ("rudaí le déanamh") le feiceáil ar an scáileán (.i. an deasc i gcás Windows). Fanann an féilire i bhfolach laistiar de aon fhuinneog atá ar oscailt, ach é gníomhach i gcónaí. Tá líon mór roghanna ar fáil i Rainlendar. Mar shampla, is féidir mí amháin, nó an bhliain ina hiomláine, a thaispeáint ar an scáileán. Tá an clár insaincheaptha freisin, sé sin is féidir craiceann (.i. cuma) nua a chur air, de réir mar is mian leis an úsáideoir.

Mozilla Thunderbird »

Is feidhmchlár chun ríomhphoist a scríobh, a sheoladh agus a ghlacadh is ea Mozilla Thunderbird. Is feidhmchlár foinse oscailte é, agus tá sé in úsáid go han-forleathan ar fud an domhain. Baineann an-chuid comhlachtaí leas as freisin. Go minic úsáidtear é in éineacht le LibreOffice (nó OpenOffice.org) agus Mozilla Firefox chun pacáiste iomlán bunúsach agus fiúntach a chur ar fáil ar ríomhaire saor ó chostas.

Litreoir do Mhozilla Thunderbird »

eisínteacht de Gaelspell ar fáil do Mozilla Thunderbird, agus tá sé seo ar fáil saor ó chostas. Mar sin, má theastaíonn uait téacs dea-litrithe a scríobh i ríomhphoist, ní haon dochar é an áis seo a úsáid. Tá sé ar fáil i bhfoirm breiseáin do Thunderbird.

Microsoft Office 2003 - comhéadan Gaeilge »

Is dócha gurb é Microsoft Office an clár is mó úsáidte in oifigí an domhain. Tá comhéadan Gaeilge ann don chuid is tábhachtaí de Microsoft Office 2003 (LIP - Language Interface Pack). Ní mór Microsoft Office 2003 a bheith suiteáilte cheana féin ar do ríomhaire sular féidir an comhéadan Gaeilge a chur i bhfeidhm air. Tá an comhéadan ar fáil saor in aisce. Tá comhad amháin ann don phacáiste uile - Outlook, Word, Excel, Powerpoint.

Microsoft Office 2007 - comhéadan Gaeilge »

Is dócha gurb é Microsoft Office an clár is mó úsáidte in oifigí an domhain. Tá comhéadan Gaeilge ann don chuid is tábhachtaí de Microsoft Office 2007 (LIP - Language Interface Pack). Ní mór Microsoft Office 2007 a bheith suiteáilte cheana féin ar do ríomhaire sular féidir an comhéadan Gaeilge a chur i bhfeidhm air. Tá an comhéadan ar fáil saor in aisce. Tá comhad amháin ann don phacáiste uile - Outlook, Word, Excel, Powerpoint.

Litreoir Gaeilge do OpenOffice.org »

eisínteacht de Gaelspell ar fáil do OpenOffice.org, agus tá sé seo ar fáil saor ó chostas. Mar sin, má theastaíonn próiseálaí focal maith uait le litreoir fiúntach ann, agus gan rud ar bith a íoc as, seo í an rogha cheart (OpenOffice.org Writer).

Litreoir Gaeilge do Microsoft Word »

eisínteacht de Gaelspell ar fáil do Microsoft Word. Murab ionann agus an litreoir a thagann le Word féin, is táirge ann féin é seo agus is gá íoc as. Ós rud é go bhfuil lochtanna áirithe (beaga) ar an litreoir ag Microsoft is fiú go mór smaoineamh ar Gaelspell a úsáid.

Mozilla Lightning »

Is féilire é Lightning do Mozilla Thunderbird, bainisteoir ríomhphoist. Is breiseán é do Mozilla Thunderbird agus tá sé comhtháite leis. Cuireann sé ar do chumas cuireadh a chur amach ag daoine eile, tríd an gcóras ríomhphoist, do choinní agus d’imeachtaí, agus glacadh lena leithéid ó dhaoine eile. Is féidir Lightning a shaincheapú trí bhreiseáin a fháil agus a chur i bhfeidhm air.

MediaWiki »

Saghas feidhmchlár ghréasáin is ea vicí (.i. wiki an Bhéarla) a cheadaíonn do na húsáideoirí ábhar a chur leis (ar nós fóram idirlín), agus a cheadaíonn dóibh an t-ábhar a chur in eagar (nó a cheartú!) chomh maith. Tugtar an téarma vicí ar na bogearraí chomhoibríocha a úsáidtear chun an saghas suímh Gréasáin sin a chruthú. Leis an áis áirithe seo, is féidir leat do láithreán féin idirlín a fhorbairt, agus cead a thabhairt do dhream teoranta daoine leasuithe a dhéanamh air. Tá sé saor ó chostas.

Roundcube »

Is é atá i Roundcube ná áis ríomhphoist, le tacaíocht MIME, leabhar seoltaí, bainistiú comhad, cuardach teachtaireachtaí, litreoir leictreonach agus eile, ar fad le comhéadan ríomhchláir. Is clár nua é seo.

LibreOffice »

Sraith feidhmchlár iomlán “foinse oscailte” agus “caighdeán oscailte” is ea LibreOffice atá comhoiriúnach le gach mórshraith feidhmchlár (Microsoft Office san áireamh). Tá sé saor in aisce agus tá an leagan is úire, 4.0.1, ar fáil i 104+ dteanga. Tá próiseálaí focal ann, scarbhileog mar aon le clár cur-i-láthair agus roinnt áiseanna eile. Is féidir comhaid PDF a chruthú go díreach leis, freisin.

SumatraPDF »

Is léitheoir comhaid PDF beag, gasta é Sumatra PDF a chuireann ar do chumas comhad PDF ar bith a oscailt, a fheiceáil agus a chlóbhualadh. Is féidir an clár seo a íosluchtú agus a shocrú mar phríomhchlár léitheoireachta PDF ar do ríomhaire.

Is féidir leis comhaid PDF a oscailt laistigh de na líonléitheoirí a leanas: Mozilla Firefox, Opera agus Chrome.

Más mian leat comhaid PDF a chruthú is féidir é sin a dhéanamh le PDFCreator, atá ar fáil i nGaeilge freisin. Faigh anseo é!

LibreOffice: Litreoir leictreonach, Teasáras & Fleiscíneoir »

Tá eisínteacht de Gaelspell ar fáil do LibreOffice, anois ar shuíomh LibreOffice féin, agus tá sé seo ar fáil saor in aisce. Mar sin, má theastaíonn próiseálaí focal maith uait le litreoir fiúntach ann, agus gan rud ar bith a íoc as, seo í an rogha cheart (LibreOffice Writer). Mar aon leis an litreoir, tá teasáras agus áis a dhéanann scrúdú ar fhleiscíniú.

Nuair a bhíonn an eisínteacht i bhfeidhm, is féidir an litreoir a chur i mbun oibre mar seo:

Ag barr LibreOffice Writer, tá cnaipe beag le ABC agus tic thíos fúthu. Brúigh an cnaipe sin agus osclófar fuinneog nua chun an litriú a cheartú. Ceartaigh aon fhocal atá mícheart.

Mar eolas Nuair a leantar an nasc thuas, tá rabhadh ann a deir go bhfuil seans ann nach ndéantar bainistiú ar an mbogearraí a thuilleadh. Tá an bogearraí ag feidhmiú i gceart. Níl fadhb ar bith leis.

Outlook »

Más mian leat teachtaireachtaí ríomhphoist a chumadh, a sheoladh agus a léamh, ar-líne, is féidir sin a dhéanamh ar outlook.com, suíomh cuntas ríomhphoist saor in aisce ó Microsoft. Tá an suíomh ar fad ar fáil i nGaeilge. Is suíomh ríomhphoist snasta agus cumasach é. Nóta: Ní hionann é seo agus an Outlook atá in MS Office (atá ar fáil i nGaeilge freisin), ach áis atá cosúil le hotmailgmail. Níl gmail ar fáil i nGaeilge, faraor, mar sin is rogha maith é outlook.com.

Mozilla Firefox d'fhón cliste »

Mozilla Firefox ar fáil anois don ghuthán Android agus iPhone, agus é i nGaeilge. Is brabhsálaí saor ó chostas, bunaithe ar fhoinse oscailte, é. Is iad na gnéithe is suntasaí ná cé chomh gasta agus chomh héasca atá sé le suiteáil agus le feidhm a bhaint as. Bain leas as!

Microsoft Office 2010 - comhéadan Gaeilge »

Is dócha gurb é Microsoft Office an clár is mó úsáidte in oifigí an domhain. Tá comhéadan Gaeilge ann do Mhicrosoft Office 2010 (LIP - Language Interface Pack). Ní mór Microsoft Office 2010 a bheith suiteáilte cheana féin ar do ríomhaire sular féidir an comhéadan Gaeilge a chur i bhfeidhm air. Tá an comhéadan ar fáil saor in aisce. Tá comhad amháin ann do gach cuid de Mhicrosoft Office - Outlook, Word, Excel, PowerPoint agus Outlook.

Internet Explorer 11 don Ríomhaire »

Is brabhsálaí saor ó chostas, de chuid Microsoft, é Internet Explorer (IE). Tá an leagan reatha, IE 11, ar fáil as Gaeilge. Tá an feidhmchlár seo in úsáid ag sciar mór den phobal, go háirithe sna Stáit Aontaithe.

DuckDuckGo don Ríomhaire »

Is inneall cuardaigh é DuckDuckGo. In ainneoin an ainm aistí, an rud atá éagsúil i dtaca leis seo ná nach mbíonn taifead ar bith á dhéanamh maidir leis an gcuardach ag an úsáideoir. (An nós ag Google, mar shampla, ná taifead a dhéanamh ar an gcuardach agat agus feidhm á bhaint as chun an tseirbhís “a chur in oiriúint duit"). Is fusa torthaí a aimsiú mar chuirtear gach toradh ar aon leathanach amháin mar sin ní gá dul ar aghaidh go dtí leathanach eile.

Ní amháin go bhfuil sé slán agus ní leantar do chuardach, tá cuma dheas air. Nuair a rachfar i dtaithí air, ní bheidh fonn ort feidhm a bhaint as innill chuardaigh eile.

Gmail »

11/12/14 Nuacht iontach: Tá Gmail ar fáil anois - dod’ ríomhaire - i dtogha na Gaeilge. Tá Gmail, ó Google, ar cheann de na háiseanna ríomhaireachta is mó úsáide ar domhan, agus is ar éigean gur gá é a mhíniú. Tharla aistriú meithle sa dara leath de 2014, faoi stiúir Google féin, agus fógraíodh don phobal é ag tús mí na Nollag, 2014. Tá súil againn go leanfaidh neart áiseanna eile é.

Litreoir Gaeilge don Mac »

MacLitirú ar fáil le cabhrú leat ag scríobh i nGaeilge ar do ríomhaire Mac. Oibríonn sé don Mac OS X 10.6 (Snow Leopard) agus ar aon leagan i ndiaidh sin.

Ní oibríonn sé ar Microsoft Office ach oibríonn sé sna bogearraí Safari, Pages, Keynote, Messages, Mail, Numbers, TextEdit.

Complete for Gmail »

Is breasán do Google Chrome é Complete for Gmail a chríochnaíonn focail agus a déanann tuar ar cén focail atá ar intinn agat fad is atá tú ag clóscríobh in Gmail.

Críochnaíonn sé agus déanann sé tuar ar fhocail Ghaeilge freisin.

Is breiseán saor in aisce é do Google Chrome amháin.

02/06/2015

Mozilla Firefox don Ríomhaire »

Is brabhsálaí saor ó chostas, agus bunaithe ar fhoinse oscailte, é Mozilla Firefox. Is iad na gnéithe is suntasaí ná cé chomh gasta agus chomh héasca atá sé le suiteáil agus le feidhm a bhaint as. Is feidhmchlár éadrom agus gasta é a chomhlíonann na príomhchaighdeáin idirlín. Tá sé in úsáid go forleathan, go háirithe san Eoraip, áit a bhfuil beagnach an oiread céanna úsáideoirí aige agus atá ag Microsoft Internet Explorer (atá díreach curtha ar fáil sa Ghaeilge).

OpenOffice.org »

Sraith feidhmchlár iomlán “foinse oscailte” agus “caighdeán oscailte” is ea OpenOffice.org atá comhoiriúnach le gach mórshraith feidhmchlár (Microsoft Office san áireamh). Tá sé saor in aisce agus tá an leagan is úire, 3.2, ar fáil i 67 dteanga. Tá próiseálaí focal ann, scarbhileog mar aon le clár cur-i-láthair agus roinnt áiseanna eile. Is féidir comhaid PDF a chruthú go díreach leis, freisin. An-úsáideach agus an-forleathan.

AbiWord »

Is ríomhchlár saor ó chostas le foinse oscailte é AbiWord chun cáipéisí a chlóscríobh. Is féidir é a úsáid le cáipéisí Microsoft Word agus OpenOffice.org Writer. Feidhmíonn sé ar gach córas oibriúcháin. Cuirtear cáipéisí i dtaisce leis an iarmhír faoi leith “.abw”. Tá litreoir Gaeilge ar fáil do AbiWord.

12/02/2015