Litreoir Gaeilge do Microsoft Word »

eisínteacht de Gaelspell ar fáil do Microsoft Word. Murab ionann agus an litreoir a thagann le Word féin, is táirge ann féin é seo agus is gá íoc as. Ós rud é go bhfuil lochtanna áirithe (beaga) ar an litreoir ag Microsoft is fiú go mór smaoineamh ar Gaelspell a úsáid.

MediaWiki »

Saghas feidhmchlár ghréasáin is ea vicí (.i. wiki an Bhéarla) a cheadaíonn do na húsáideoirí ábhar a chur leis (ar nós fóram idirlín), agus a cheadaíonn dóibh an t-ábhar a chur in eagar (nó a cheartú!) chomh maith. Tugtar an téarma vicí ar na bogearraí chomhoibríocha a úsáidtear chun an saghas suímh Gréasáin sin a chruthú. Leis an áis áirithe seo, is féidir leat do láithreán féin idirlín a fhorbairt, agus cead a thabhairt do dhream teoranta daoine leasuithe a dhéanamh air. Tá sé saor ó chostas.

Roundcube »

Is é atá i Roundcube ná áis ríomhphoist, le tacaíocht MIME, leabhar seoltaí, bainistiú comhad, cuardach teachtaireachtaí, litreoir leictreonach agus eile, ar fad le comhéadan ríomhchláir. Is clár nua é seo.

LibreOffice: Litreoir leictreonach, Teasáras & Fleiscíneoir »

Tá eisínteacht de Gaelspell ar fáil do LibreOffice, anois ar shuíomh LibreOffice féin, agus tá sé seo ar fáil saor in aisce. Mar sin, má theastaíonn próiseálaí focal maith uait le litreoir fiúntach ann, agus gan rud ar bith a íoc as, seo í an rogha cheart (LibreOffice Writer). Mar aon leis an litreoir, tá teasáras agus áis a dhéanann scrúdú ar fhleiscíniú.

Nuair a bhíonn an eisínteacht i bhfeidhm, is féidir an litreoir a chur i mbun oibre mar seo:

Ag barr LibreOffice Writer, tá cnaipe beag le ABC agus tic thíos fúthu. Brúigh an cnaipe sin agus osclófar fuinneog nua chun an litriú a cheartú. Ceartaigh aon fhocal atá mícheart.

Mar eolas Nuair a leantar an nasc thuas, tá rabhadh ann a deir go bhfuil seans ann nach ndéantar bainistiú ar an mbogearraí a thuilleadh. Tá an bogearraí ag feidhmiú i gceart. Níl fadhb ar bith leis.

Outlook »

Más mian leat teachtaireachtaí ríomhphoist a chumadh, a sheoladh agus a léamh, ar-líne, is féidir sin a dhéanamh ar outlook.com, suíomh cuntas ríomhphoist saor in aisce ó Microsoft. Tá an suíomh ar fad ar fáil i nGaeilge. Is suíomh ríomhphoist snasta agus cumasach é. Nóta: Ní hionann é seo agus an Outlook atá in MS Office (atá ar fáil i nGaeilge freisin), ach áis atá cosúil le hotmailgmail. Níl gmail ar fáil i nGaeilge, faraor, mar sin is rogha maith é outlook.com.

Mozilla Firefox d'fhón cliste »

Mozilla Firefox ar fáil anois don ghuthán Android agus iPhone, agus é i nGaeilge. Is brabhsálaí saor ó chostas, bunaithe ar fhoinse oscailte, é. Is iad na gnéithe is suntasaí ná cé chomh gasta agus chomh héasca atá sé le suiteáil agus le feidhm a bhaint as. Bain leas as!

Internet Explorer 11 don Ríomhaire »

Is brabhsálaí saor ó chostas, de chuid Microsoft, é Internet Explorer (IE). Tá an leagan reatha, IE 11, ar fáil as Gaeilge. Tá an feidhmchlár seo in úsáid ag sciar mór den phobal, go háirithe sna Stáit Aontaithe.

DuckDuckGo don Ríomhaire »

Is inneall cuardaigh é DuckDuckGo. In ainneoin an ainm aistí, an rud atá éagsúil i dtaca leis seo ná nach mbíonn taifead ar bith á dhéanamh maidir leis an gcuardach ag an úsáideoir. (An nós ag Google, mar shampla, ná taifead a dhéanamh ar an gcuardach agat agus feidhm á bhaint as chun an tseirbhís “a chur in oiriúint duit"). Is fusa torthaí a aimsiú mar chuirtear gach toradh ar aon leathanach amháin mar sin ní gá dul ar aghaidh go dtí leathanach eile.

Ní amháin go bhfuil sé slán agus ní leantar do chuardach, tá cuma dheas air. Nuair a rachfar i dtaithí air, ní bheidh fonn ort feidhm a bhaint as innill chuardaigh eile.

Gmail »

11/12/14 Nuacht iontach: Tá Gmail ar fáil anois - dod’ ríomhaire - i dtogha na Gaeilge. Tá Gmail, ó Google, ar cheann de na háiseanna ríomhaireachta is mó úsáide ar domhan, agus is ar éigean gur gá é a mhíniú. Tharla aistriú meithle sa dara leath de 2014, faoi stiúir Google féin, agus fógraíodh don phobal é ag tús mí na Nollag, 2014. Tá súil againn go leanfaidh neart áiseanna eile é.

Litreoir Gaeilge don Mac »

MacLitirú ar fáil le cabhrú leat ag scríobh i nGaeilge ar do ríomhaire Mac. Oibríonn sé don Mac OS X 10.6 (Snow Leopard) agus ar aon leagan i ndiaidh sin.

Ní oibríonn sé ar Microsoft Office ach oibríonn sé sna bogearraí Safari, Pages, Keynote, Messages, Mail, Numbers, TextEdit.

Complete for Gmail »

Is breasán do Google Chrome é Complete for Gmail a chríochnaíonn focail agus a déanann tuar ar cén focail atá ar intinn agat fad is atá tú ag clóscríobh in Gmail.

Críochnaíonn sé agus déanann sé tuar ar fhocail Ghaeilge freisin.

Is breiseán saor in aisce é do Google Chrome amháin.

02/06/2015