LibreOffice »

Sraith feidhmchlár iomlán “foinse oscailte” agus “caighdeán oscailte” is ea LibreOffice atá comhoiriúnach le gach mórshraith feidhmchlár (Microsoft Office san áireamh). Tá sé saor in aisce agus tá an leagan is úire, 4.0.1, ar fáil i 104+ dteanga. Tá próiseálaí focal ann, scarbhileog mar aon le clár cur-i-láthair agus roinnt áiseanna eile. Is féidir comhaid PDF a chruthú go díreach leis, freisin.

VLC, VideoLAN »

Is seinnteoir meán mór-le-rá saor in aisce a bhfuil foinse oscailte aige é VLC a sheinneann beagnach gach rud idir fuaimrianta agus físeáin. Mar aon leis sin seinneann sé DVDanna, dlúthdhioscaí, VCD agus prótacail sruthaithe éagsúla.

Is féidir é a shaincheapú trí chraiceann a chuir ar an gcomhéadan. Tá réimse leathan craiceann curtha ar fáil ag daoine saor in aisce sa chaoi is gur féidir an seinnteoir VLC a mhaisiú de réir mianta pearsanta.

Skype, Comhéadan Gaeilge do »

Tá comhéadan Gaeilge ar fáil do Skype, an ríomhchlár a chuireann ar do chumas glaoch ar dhaoine thar an idirlíon. Caithfidh Skype a bheith suiteáilte ar an ríomhaire ar dtús báire sular féidir an comhéadan Gaeilge a chuir i bhfeidhm air. Is ar ríomhairí faoi Windows amháin a oibríonn sé seo.

Outlook »

Más mian leat teachtaireachtaí ríomhphoist a chumadh, a sheoladh agus a léamh, ar-líne, is féidir sin a dhéanamh ar outlook.com, suíomh cuntas ríomhphoist saor in aisce ó Microsoft. Tá an suíomh ar fad ar fáil i nGaeilge. Is suíomh ríomhphoist snasta agus cumasach é. Nóta: Ní hionann é seo agus an Outlook atá in MS Office (atá ar fáil i nGaeilge freisin), ach áis atá cosúil le hotmailgmail. Níl gmail ar fáil i nGaeilge, faraor, mar sin is rogha maith é outlook.com.

Adaptxt - méarchlár le tuarthéacs »

Má tá guthán AndroidiOS agat agus má tá cabhair uait chun rudaí a chlóscríobh i nGaeilge is fiú go mór an méarchlár Adaptxt a íosluchtú agus a shuiteáil ar do ghuthán. Oibríonn sé agus téacs ar bith á scríobh, ríomhphoist san áireamh. Is fearr é seo ná aon cheann eile, Multiling san áireamh. Is méarchlár i gcomhair iliomad teangacha é, agus ní hamháin go ndéanann sé tuarthéacs a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ach molann sé focail iomlána freisin bunaithe ar an gcineál céanna anailíse staitistiúil. “Tuarfhocal” mar sin!

focloir.ie - An foclóir nua Béarla - Gaeilge »

Tá foclóir nua Béarla - Gaeilge ann anois, agus tá sé ar fáil ar-líne saor in aisce. Seo é comharba fhoclóir de Bhaldraithe. Ní hamháin go bhfuil aistriúcháin scríofa ann ar na focail, ach tá taifid ar an-chuid acu i ngach ceann de na príomhchanúintí, agus tá neart samplaí ann den chaoi ina n-úsáidtear na focail. Is iontach an áis í. Nóta: Cé go bhfuil an-chuid focal ann, níl sé iomlán go fóill, mar sin is minic nach n-aimsítear focal. Beidh sé iomlán roimh dheireadh 2013, deirtear.

Internet Explorer 11 don Ríomhaire »

Is brabhsálaí saor ó chostas, de chuid Microsoft, é Internet Explorer (IE). Tá an leagan reatha, IE 11, ar fáil as Gaeilge. Tá an feidhmchlár seo in úsáid ag sciar mór den phobal, go háirithe sna Stáit Aontaithe.

Gmail »

11/12/14 Nuacht iontach: Tá Gmail ar fáil anois - dod’ ríomhaire - i dtogha na Gaeilge. Tá Gmail, ó Google, ar cheann de na háiseanna ríomhaireachta is mó úsáide ar domhan, agus is ar éigean gur gá é a mhíniú. Tharla aistriú meithle sa dara leath de 2014, faoi stiúir Google féin, agus fógraíodh don phobal é ag tús mí na Nollag, 2014. Tá súil againn go leanfaidh neart áiseanna eile é.

Twitter »

Tá Twitter ar fáil i nGaeilge anois!

Mozilla Firefox don Ríomhaire »

Is brabhsálaí saor ó chostas, agus bunaithe ar fhoinse oscailte, é Mozilla Firefox. Is iad na gnéithe is suntasaí ná cé chomh gasta agus chomh héasca atá sé le suiteáil agus le feidhm a bhaint as. Is feidhmchlár éadrom agus gasta é a chomhlíonann na príomhchaighdeáin idirlín. Tá sé in úsáid go forleathan, go háirithe san Eoraip, áit a bhfuil beagnach an oiread céanna úsáideoirí aige agus atá ag Microsoft Internet Explorer (atá díreach curtha ar fáil sa Ghaeilge).

OpenOffice.org »

Sraith feidhmchlár iomlán “foinse oscailte” agus “caighdeán oscailte” is ea OpenOffice.org atá comhoiriúnach le gach mórshraith feidhmchlár (Microsoft Office san áireamh). Tá sé saor in aisce agus tá an leagan is úire, 3.2, ar fáil i 67 dteanga. Tá próiseálaí focal ann, scarbhileog mar aon le clár cur-i-láthair agus roinnt áiseanna eile. Is féidir comhaid PDF a chruthú go díreach leis, freisin. An-úsáideach agus an-forleathan.

Facebook »

Is suíomh iontach é Facebook chun fanacht i dteagmháil le cairde agus daoine eile ar fud na cruinne. Tá breis agus 500 milliún cuntas Facebook ann! Is féidir íomhánna a fhoilsiú agus teachtaireachtaí a scríobh ar do leathanach féin agus iad a roinnt. Is é Facebook an suíomh idirlín caidreamhach is iomráití.

Mozilla Thunderbird »

Is feidhmchlár chun ríomhphoist a scríobh, a sheoladh agus a ghlacadh is ea Mozilla Thunderbird. Is feidhmchlár foinse oscailte é, agus tá sé in úsáid go han-forleathan ar fud an domhain. Baineann an-chuid comhlachtaí leas as freisin. Go minic úsáidtear é in éineacht le LibreOffice (nó OpenOffice.org) agus Mozilla Firefox chun pacáiste iomlán bunúsach agus fiúntach a chur ar fáil ar ríomhaire saor ó chostas.

Windows XP, Comhéadan Gaeilge do »

Tá Pacáiste Comhéadan Teanga don Ghaeilge ("LIP” - Language Interface Pack) ar fáil don chóras oibriúcháin Microsoft Windows XP. Nuair a chuirtear an comhéadan seo i bhfeidhm, is i nGaeilge a bhíonn formhór mór na téarmaíochta a fheictear ar an scáileán, ag tosú leis an bhfocal “Fáilte” nuair a thosaíonn an córas. Tá an téarmaíocht Ghaeilge an-sothuigthe den chuid is mó. Nóta: Ní mór leagan oifigiúil de Windows XP a bheith suite ar an ríomhaire sa chéad áit.

Litreoir Gaeilge do OpenOffice.org »

eisínteacht de Gaelspell ar fáil do OpenOffice.org, agus tá sé seo ar fáil saor ó chostas. Mar sin, má theastaíonn próiseálaí focal maith uait le litreoir fiúntach ann, agus gan rud ar bith a íoc as, seo í an rogha cheart (OpenOffice.org Writer).

Litreoir Gaeilge do Microsoft Word »

eisínteacht de Gaelspell ar fáil do Microsoft Word. Murab ionann agus an litreoir a thagann le Word féin, is táirge ann féin é seo agus is gá íoc as. Ós rud é go bhfuil lochtanna áirithe (beaga) ar an litreoir ag Microsoft is fiú go mór smaoineamh ar Gaelspell a úsáid.