LibreOffice »

Sraith feidhmchlár iomlán “foinse oscailte” agus “caighdeán oscailte” is ea LibreOffice atá comhoiriúnach le gach mórshraith feidhmchlár (Microsoft Office san áireamh). Tá sé saor in aisce agus tá an leagan is úire, 4.0.1, ar fáil i 104+ dteanga. Tá próiseálaí focal ann, scarbhileog mar aon le clár cur-i-láthair agus roinnt áiseanna eile. Is féidir comhaid PDF a chruthú go díreach leis, freisin.

VLC, VideoLAN »

Is seinnteoir meán mór-le-rá saor in aisce a bhfuil foinse oscailte aige é VLC a sheinneann beagnach gach rud idir fuaimrianta agus físeáin. Mar aon leis sin seinneann sé DVDanna, dlúthdhioscaí, VCD agus prótacail sruthaithe éagsúla.

Is féidir é a shaincheapú trí chraiceann a chuir ar an gcomhéadan. Tá réimse leathan craiceann curtha ar fáil ag daoine saor in aisce sa chaoi is gur féidir an seinnteoir VLC a mhaisiú de réir mianta pearsanta.

Mozilla Firefox don Ríomhaire »

Is brabhsálaí saor ó chostas, agus bunaithe ar fhoinse oscailte, é Mozilla Firefox. Is iad na gnéithe is suntasaí ná cé chomh gasta agus chomh héasca atá sé le suiteáil agus le feidhm a bhaint as. Is feidhmchlár éadrom agus gasta é a chomhlíonann na príomhchaighdeáin idirlín. Tá sé in úsáid go forleathan, go háirithe san Eoraip, áit a bhfuil beagnach an oiread céanna úsáideoirí aige agus atá ag Microsoft Internet Explorer (atá díreach curtha ar fáil sa Ghaeilge).

OpenOffice.org »

Sraith feidhmchlár iomlán “foinse oscailte” agus “caighdeán oscailte” is ea OpenOffice.org atá comhoiriúnach le gach mórshraith feidhmchlár (Microsoft Office san áireamh). Tá sé saor in aisce agus tá an leagan is úire, 3.2, ar fáil i 67 dteanga. Tá próiseálaí focal ann, scarbhileog mar aon le clár cur-i-láthair agus roinnt áiseanna eile. Is féidir comhaid PDF a chruthú go díreach leis, freisin. An-úsáideach agus an-forleathan.

Facebook »

Is suíomh iontach é Facebook chun fanacht i dteagmháil le cairde agus daoine eile ar fud na cruinne. Tá breis agus 500 milliún cuntas Facebook ann! Is féidir íomhánna a fhoilsiú agus teachtaireachtaí a scríobh ar do leathanach féin agus iad a roinnt. Is é Facebook an suíomh idirlín caidreamhach is iomráití.

Mozilla Thunderbird »

Is feidhmchlár chun ríomhphoist a scríobh, a sheoladh agus a ghlacadh is ea Mozilla Thunderbird. Is feidhmchlár foinse oscailte é, agus tá sé in úsáid go han-forleathan ar fud an domhain. Baineann an-chuid comhlachtaí leas as freisin. Go minic úsáidtear é in éineacht le LibreOffice (nó OpenOffice.org) agus Mozilla Firefox chun pacáiste iomlán bunúsach agus fiúntach a chur ar fáil ar ríomhaire saor ó chostas.

Litreoir Gaeilge do OpenOffice.org »

eisínteacht de Gaelspell ar fáil do OpenOffice.org, agus tá sé seo ar fáil saor ó chostas. Mar sin, má theastaíonn próiseálaí focal maith uait le litreoir fiúntach ann, agus gan rud ar bith a íoc as, seo í an rogha cheart (OpenOffice.org Writer).