Outlook »

Más mian leat teachtaireachtaí ríomhphoist a chumadh, a sheoladh agus a léamh, ar-líne, is féidir sin a dhéanamh ar outlook.com, suíomh cuntas ríomhphoist saor in aisce ó Microsoft. Tá an suíomh ar fad ar fáil i nGaeilge. Is suíomh ríomhphoist snasta agus cumasach é. Nóta: Ní hionann é seo agus an Outlook atá in MS Office (atá ar fáil i nGaeilge freisin), ach áis atá cosúil le hotmailgmail. Níl gmail ar fáil i nGaeilge, faraor, mar sin is rogha maith é outlook.com.

focloir.ie - An foclóir nua Béarla - Gaeilge »

Tá foclóir nua Béarla - Gaeilge ann anois, agus tá sé ar fáil ar-líne saor in aisce. Seo é comharba fhoclóir de Bhaldraithe. Ní hamháin go bhfuil aistriúcháin scríofa ann ar na focail, ach tá taifid ar an-chuid acu i ngach ceann de na príomhchanúintí, agus tá neart samplaí ann den chaoi ina n-úsáidtear na focail. Is iontach an áis í. Nóta: Cé go bhfuil an-chuid focal ann, níl sé iomlán go fóill, mar sin is minic nach n-aimsítear focal. Beidh sé iomlán roimh dheireadh 2013, deirtear.

Internet Explorer 11 don Ríomhaire »

Is brabhsálaí saor ó chostas, de chuid Microsoft, é Internet Explorer (IE). Tá an leagan reatha, IE 11, ar fáil as Gaeilge. Tá an feidhmchlár seo in úsáid ag sciar mór den phobal, go háirithe sna Stáit Aontaithe.

Gmail »

11/12/14 Nuacht iontach: Tá Gmail ar fáil anois - dod’ ríomhaire - i dtogha na Gaeilge. Tá Gmail, ó Google, ar cheann de na háiseanna ríomhaireachta is mó úsáide ar domhan, agus is ar éigean gur gá é a mhíniú. Tharla aistriú meithle sa dara leath de 2014, faoi stiúir Google féin, agus fógraíodh don phobal é ag tús mí na Nollag, 2014. Tá súil againn go leanfaidh neart áiseanna eile é.

Twitter »

Tá Twitter ar fáil i nGaeilge anois!

Facebook »

Is suíomh iontach é Facebook chun fanacht i dteagmháil le cairde agus daoine eile ar fud na cruinne. Tá breis agus 500 milliún cuntas Facebook ann! Is féidir íomhánna a fhoilsiú agus teachtaireachtaí a scríobh ar do leathanach féin agus iad a roinnt. Is é Facebook an suíomh idirlín caidreamhach is iomráití.

Litreoir Gaeilge do Microsoft Word »

eisínteacht de Gaelspell ar fáil do Microsoft Word. Murab ionann agus an litreoir a thagann le Word féin, is táirge ann féin é seo agus is gá íoc as. Ós rud é go bhfuil lochtanna áirithe (beaga) ar an litreoir ag Microsoft is fiú go mór smaoineamh ar Gaelspell a úsáid.