Is foclóir nó bunachar sonraí ollmhór Béarla / Gaeilge é Get the Focal. Tá breis agus 13,000 focal agus téarmaí ar fáil ann maille le torthaí ó www.focal.ie agus aistriúcháin ar fáil trí chóras aistrithe AistrighGoogle.
An bhfuil níos mó ná aistriúchán de dhíth? An mian leat an focal a chloisteáil? Is féidir an fuaimniú a chloisteáil freisin trí chnaipe a bhrú.
Tá COGG (www.cogg.ie) tar éis sraith scéalta a chur ar fáil faoin gcóras iTunes. Scéalta is ea iad seo, i nGaeilge bhreá Chonamara den chuid is mó, a craoladh ar Raidió na Gaeltachta ó 1972 i leith. Sár áis do na páistí.
Seo aip don iPhone agus don Android a chuireann na leaganacha éagsúla de bhriathra na Gaeilge ar fáil, mar shampla sa leagan dearfach, diúltach, agus ceisteach, mar aon leis na haimsirí go léir. Cuirtear an t-ainm briathra ar fáil chomh maith. Tá thart ar 150 de na briathra is coitianta ann faoi láthair.