Is é atá i nGaelfón Irish Translator ná feidhmchlár do ghutháin Samsung inar féidir téarmaí a aistriú ó Ghaeilge go Béarla nó ó Bhéarla go Gaeilge. Tá breis agus 13,000 focal ann. Feidhmíonn sé go neamhspleách ar an ngréasán domhanda. Ach is féidir fuaimniú na bhfocal a íosluchtú ón idirlín muna bhfuil tú cinnte faoi cén chaoi len iad a fhuaimniú.
Is foclóir nó bunachar sonraí ollmhór Béarla / Gaeilge é Get the Focal. Tá breis agus 13,000 focal agus téarmaí ar fáil ann maille le torthaí ó www.focal.ie agus aistriúcháin ar fáil trí chóras aistrithe AistrighGoogle.
An bhfuil níos mó ná aistriúchán de dhíth? An mian leat an focal a chloisteáil? Is féidir an fuaimniú a chloisteáil freisin trí chnaipe a bhrú.
Cheannaigh an-chuid daoine an Tocco ó Samsung, an chéad ghuthán póca a bhí ar fáil i nGaeilge. Ach bhí deacracht ag an-chuid daoine na síntí fada a chur i bhfeidhm. Cé nach feidhmchlár sa ghnáthchiall atá i gceist anseo, seo treoracha a mhíníonn go héasca cén chaoi leis na síntí fada a chur i bhfeidhm. Athrú beag simplí atá i gceist... Abair linn má tá an t-eolas seo bailí do ghutháin eile de chuid Samsung.
Tá nath cainte oiriúnach do ghach lá sa bhliain ar fáil ar an bhfeidhmchláirín seo. Tá 366 nathanna ann mar aon le foghraíocht agus aistriúchán i mBéarla. Tá comhad fuaime ag dul le gach nath cainte agus ní gá rochtain a bheith ann leis an ngréasán domhanda chun iad a chloisteáil. Is é Colm Ó Snodaigh an té a thaifead na míreanna fuaime.
Is feidhmchláirín fónta é seo do ghutháin Android nuair atá focal faoi leith á lorg, teasáras go bunúsach. Téigh i dtuilleamaí an fhoclóra in áit ar bith. Ní gá nasc a bheith ann leis an ngréasán domhanda chun focail a chuardach. Tá sé an-áisiúil má táthar thar lear, in eitleán, nó in áit iarghúlta nach bhfuil ceangailte leis an idirlíon nó más mian cumhacht sa chadhnra a spáráil. Tá foclóirí i dteangacha eile ann freisin.
12/02/2015
Má tá guthán Android agat agus má tá cabhair uait chun rudaí a chlóscríobh i nGaeilge is fiú go mór MultiLing Keyboard a íosluchtú agus a shuiteáil ar do ghuthán. Is méarchlár saor in aisce i gcomhair iliomad teangacha chun clóscríobh tuarthach a dhéanamh gan dua. Feabhsaíonn agus tapaíonn sé clóscríobh ar ghuthán. Cé go bhfuil sé maith, níl sé chomh maith leis an áis ag adaptxt, agus moltar duit an ceann sin a shuiteáil más féidir leat.
Má tá guthán Android nó iOS agat agus má tá cabhair uait chun rudaí a chlóscríobh i nGaeilge is fiú go mór an méarchlár Adaptxt a íosluchtú agus a shuiteáil ar do ghuthán. Oibríonn sé agus téacs ar bith á scríobh, ríomhphoist san áireamh. Is fearr é seo ná aon cheann eile, Multiling san áireamh. Is méarchlár i gcomhair iliomad teangacha é, agus ní hamháin go ndéanann sé tuarthéacs a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ach molann sé focail iomlána freisin bunaithe ar an gcineál céanna anailíse staitistiúil. “Tuarfhocal” mar sin!
Tá Mozilla Firefox ar fáil anois don ghuthán Android agus iPhone, agus é i nGaeilge. Is brabhsálaí saor ó chostas, bunaithe ar fhoinse oscailte, é. Is iad na gnéithe is suntasaí ná cé chomh gasta agus chomh héasca atá sé le suiteáil agus le feidhm a bhaint as. Bain leas as!
Má tá aistriúchán de dhíth ort agus ní féidir leat teacht ar ríomhaire, is féidir focail agus abairtí a aistriú go gasta ar do ghuthán soghluaiste trí feidhm a bhaint as Google Translate. Tá 65 theanga mar rogha ar an bhfeidhmchláirín seo, an Ghaeilge san áireamh dár ndóigh. Is feidhmchláirín fíor-áisiúil é nuair atáthar thar lear agus nuair nach mbíonn fios, fáil ná rún agat cad is brí le rud éigin scríofa os do chomhair.
Is feidhmchláirín é seo a chuireann na dánta ar ghá do dhaltaí a fhoghlaim don Ardteistiméaracht ar fáil go fusa ionas gur féidir leo iad a thuiscint níos fearr agus iad a chleachtadh. Ar PoetryBeo tá: físeáin, nótaí, gluaiseanna, cluiche, ceisteanna agus freagraí samplacha scrúdaithe, chomh maith le míniúcháin i nGaeilge agus i mBéarla ar na dánta ar an gcúrsa.
Tá aip ann do ghutháin Android a chuireann eolas maidir le heitiltí isteach agus amach as aerfoirt áirithe, ina measc Baile Átha Cliath, Corcaigh, agus roinnt eile thar lear. Tá an ceann áirithe seo, a forbraíodh in Éirinn, ar fáil as Gaeilge.
Suiteáiltear an leagan Gaeilge ar do ghléas Android nuair is í an Ghaeilge an teanga atá roghnaithe ar an ngléas agat. Ní féidir an teanga a athrú go neamhspleách.
Seo aip don iPhone agus don Android a chuireann na leaganacha éagsúla de bhriathra na Gaeilge ar fáil, mar shampla sa leagan dearfach, diúltach, agus ceisteach, mar aon leis na haimsirí go léir. Cuirtear an t-ainm briathra ar fáil chomh maith. Tá thart ar 150 de na briathra is coitianta ann faoi láthair.
Tá 100 de na briathair is coitianta sa Ghaeilge ar an aip seo, i gcúig aimsir difriúil. Tá sé ar fáil don iPhone agus don Android.
05/06/2015
Is aip é seo a insíonn duit cén t-am atá an chéad bhus Baile Átha Cliath ag teacht
20/03/2015