Mozilla Firefox don Ríomhaire »

Is brabhsálaí saor ó chostas, agus bunaithe ar fhoinse oscailte, é Mozilla Firefox. Is iad na gnéithe is suntasaí ná cé chomh gasta agus chomh héasca atá sé le suiteáil agus le feidhm a bhaint as. Is feidhmchlár éadrom agus gasta é a chomhlíonann na príomhchaighdeáin idirlín. Tá sé in úsáid go forleathan, go háirithe san Eoraip, áit a bhfuil beagnach an oiread céanna úsáideoirí aige agus atá ag Microsoft Internet Explorer (atá díreach curtha ar fáil sa Ghaeilge).

Vicipéid »

Ciclipéid phoiblí saor ó chostas atá ar-líne, agus ar féidir le daoine cur léi go héasca, is ea an Vicipéid. Is í an chiclipéid is iomráití í ar an idirlíon, agus í ar fáil in an-chuid teangacha. De ghnáth is féidir iontaoibh a bheith agat as an eolas atá inti, ach uaireanta, toisc í a bheith chomh hoscailte sin, cuireann daoine mhísciúla eolas míchruinn air d’aonghnó d’fhonn daoine a chur ar strae. Tá líon na leathanach Gaeilge ag tarraingt ar 30,000 faoi láthair.

WordPress »

Bíonn gach mac máthair ag nochtadh a thuairimí ar an ngréasán ar na saolta seo agus is iomaí bealach atá ann chun é sin a dhéanamh. Is féidir do shaol a roinnt le cách ar Facebook nó teachtaireachtaí gearra a fhoilsiú ar Plurk. Ach más mian leat dialann rialta a fhoilsiú ar an ngréasán domhanda is féidir blag a chruthú. Tá suíomh ann anois, WordPress, a chuireann ar do chumas blag a thosú go furasta, agus le comhéadan i nGaeilge. Is féidir blag a chruthú saor ó chostas ar WordPress.

Google Search »

Tá an t-inneall cuardach uileláithreach Google Search ar fáil i nGaeilge. Is é seo an t-inneall cuardach i mó ráchairte i láthair na huaire, agus le fada.

MediaWiki »

Saghas feidhmchlár ghréasáin is ea vicí (.i. wiki an Bhéarla) a cheadaíonn do na húsáideoirí ábhar a chur leis (ar nós fóram idirlín), agus a cheadaíonn dóibh an t-ábhar a chur in eagar (nó a cheartú!) chomh maith. Tugtar an téarma vicí ar na bogearraí chomhoibríocha a úsáidtear chun an saghas suímh Gréasáin sin a chruthú. Leis an áis áirithe seo, is féidir leat do láithreán féin idirlín a fhorbairt, agus cead a thabhairt do dhream teoranta daoine leasuithe a dhéanamh air. Tá sé saor ó chostas.

Wikimapia »

Is suíomh léarscáileanna é Wikimapia.org. Is féidir áiteanna a fheiceáil le hainmneacha fógraithe orthu. Is é an pobal ar fud na cruinne a sholáthraíonn an t-eolas atá ar fáil ar na léarscáileanna. Dar le Wikimapia “Is léarscáil idirghníomhach in-eagartha í an Vicípéid. Is í sprioc na Vicípéide ná léarscáil iomlán ilteangach reatha a chruthú den domhan iomlán. Tá sé ar intinn ag an Vicípéid saineolas a bhaineann le gach áit ar an domhan a chur ar fáil.”

Wunderground »

Is suíomh é seo chun réamhaisnéis aimsire a fháil. Taispeántar neart sonraí faoin aimsir ar fud na cruinne.

Internet Explorer 11 don Ríomhaire »

Is brabhsálaí saor ó chostas, de chuid Microsoft, é Internet Explorer (IE). Tá an leagan reatha, IE 11, ar fáil as Gaeilge. Tá an feidhmchlár seo in úsáid ag sciar mór den phobal, go háirithe sna Stáit Aontaithe.

DuckDuckGo don Ríomhaire »

Is inneall cuardaigh é DuckDuckGo. In ainneoin an ainm aistí, an rud atá éagsúil i dtaca leis seo ná nach mbíonn taifead ar bith á dhéanamh maidir leis an gcuardach ag an úsáideoir. (An nós ag Google, mar shampla, ná taifead a dhéanamh ar an gcuardach agat agus feidhm á bhaint as chun an tseirbhís “a chur in oiriúint duit"). Is fusa torthaí a aimsiú mar chuirtear gach toradh ar aon leathanach amháin mar sin ní gá dul ar aghaidh go dtí leathanach eile.

Ní amháin go bhfuil sé slán agus ní leantar do chuardach, tá cuma dheas air. Nuair a rachfar i dtaithí air, ní bheidh fonn ort feidhm a bhaint as innill chuardaigh eile.

Inno - Clár suiteála do Windows »

Tá aithne againn ar fad ar an gconair a leantar nuair a bhíonn clár nua á shuiteáil againn ar ár ríomhairí - brúitear an cnaipe “suiteáil/install” agus tarlaíonn na céimeanna ina dhiaidh go huathoibríoch - draíocht. Is uirlis saor ó chostas é inno a chuireann ar chumas an té a chruthaíonn an bogearra sin an áis shuiteála sin a chruthú sa chaoi is gur féidir an bogearra sin (nó comhaid, ⁊rl) a shuiteáil ar bhealach tapa agus eagraithe.

Twitter »

Tá Twitter ar fáil i nGaeilge anois!

Joomla! »

Is córas bainistíochta faisnéise é Joomla! [content management system (CMS)], rud a chuireann ar do chumas - más forbróir thú nó duine le cumas áirithe teicniúil - suíomhanna idirlín agus feidhmchláracha cumhachtacha ar líne a chruthú. Tá an-chuid gnéithe, as nós gastacht agus “somhéadú” an chórais, tar éis an bogearra forbartha suíomh idirlín is mó ráchairte a dhéanamh as Joomla!. Agus thairis sin is uile, is réiteach foinse oscailte é Joomla! agus ar ar fáil do chách.