Tux Paint »

Is ríomhchlár saor ó chostas é Tux Paint do pháistí idir 3 agus 12 bliana d’aois. Tá comhéadan simplí air, fuaimeanna spraíúla agus sonóg a threoraíonn na páistí agus iad ag tarraingt íomhánna. Is féidir dathanna, línte, agus cruthanna éagsúla de gach sórt a roghnú, agus pictiúir an-thaitneamhacha a tharraingt. Freisin, tá sé deacair ag páiste botún a dhéanamh agus pictiúr nua a chailleadh, mar tá cuimhne maith sa chlár, fiú má fhágtar é de thimpiste.

SuperTuxKart »

Is cluiche rásaíocht ghluaisteán bunaithe ar an bhfoinse oscailte atá ar fáil saor in aisce é SuperTuxKart. Tá sé dírithe ar pháistí óga, chomh hóg le ceithre bliana, ach is féidir le gach éinne taitneamh a bhaint as freisin. Is féidir le duine amháin súgradh leis ina aonar, nó is féidir rás a bheith ann idir bheirt, triúir nó ceathrar. Is féidir dul san iomaíocht sa Ghrand Prix, an t-am is fearr a bhaint amach i d’aonar, nó dul sa bhearna bhaoil i gcoinne do chairde agus a lán eile!

Scéalta do Pháistí ar iTunes »

COGG (www.cogg.ie) tar éis sraith scéalta a chur ar fáil faoin gcóras iTunes. Scéalta is ea iad seo, i nGaeilge bhreá Chonamara den chuid is mó, a craoladh ar Raidió na Gaeltachta ó 1972 i leith. Sár áis do na páistí.

An Caife Craosach »

Is cluiche idirghabhála é An Caife Craosach ina roghnaíonn an t-imreoir carachtar amháin, GabeGabby, le bheith mar bhainisteoir ar bhialann neamhghnách i mBaile Ravenwood. Caithfidh an t-imreoir freastal go sásúil ar na hollphéisteanna ar fad atá mar chustaiméirí na bialainne ionas go n-íocfaidh gach ceann acu sula bhfágfar. Is féidir an físchluiche seo a íosluchtú saor in aisce anois.

29/01/2015