Tux Paint »

Is ríomhchlár saor ó chostas é Tux Paint do pháistí idir 3 agus 12 bliana d’aois. Tá comhéadan simplí air, fuaimeanna spraíúla agus sonóg a threoraíonn na páistí agus iad ag tarraingt íomhánna. Is féidir dathanna, línte, agus cruthanna éagsúla de gach sórt a roghnú, agus pictiúir an-thaitneamhacha a tharraingt. Freisin, tá sé deacair ag páiste botún a dhéanamh agus pictiúr nua a chailleadh, mar tá cuimhne maith sa chlár, fiú má fhágtar é de thimpiste.

SuperTuxKart »

Is cluiche rásaíocht ghluaisteán bunaithe ar an bhfoinse oscailte atá ar fáil saor in aisce é SuperTuxKart. Tá sé dírithe ar pháistí óga, chomh hóg le ceithre bliana, ach is féidir le gach éinne taitneamh a bhaint as freisin. Is féidir le duine amháin súgradh leis ina aonar, nó is féidir rás a bheith ann idir bheirt, triúir nó ceathrar. Is féidir dul san iomaíocht sa Ghrand Prix, an t-am is fearr a bhaint amach i d’aonar, nó dul sa bhearna bhaoil i gcoinne do chairde agus a lán eile!

Scéalta do Pháistí ar iTunes »

COGG (www.cogg.ie) tar éis sraith scéalta a chur ar fáil faoin gcóras iTunes. Scéalta is ea iad seo, i nGaeilge bhreá Chonamara den chuid is mó, a craoladh ar Raidió na Gaeltachta ó 1972 i leith. Sár áis do na páistí.

Leabhar idirghníomhach Gaeilge »

Seo an chéad leabhar idirghníomhach atá ar fáil i nGaeilge. Tá sé ar fáil don Mac agus iPad amháin.

Slí Draíochta an Gha Ghréine le Marion Rose McFadden

Is scéal é faoi chailín óg atá ag súgradh lena haintín Róisín nuair a fheiceann sí ga gréine ag damhsa ar imeall na foraoise. Faigheann sí amach nach sióga atá sna gathanna seo ach ‘Demifay’ atá níos cúthaile ná na sióga.

Tabharfaidh sé léargas éagsúil de shaol na sióg do dhaoine óga i modh difriúil, digiteach.