Fuaim-U »

Is cluiche fónaice é Fuaim-U, don Android amháin, a leanann clár do pháistí atá ag foghlaim na léitheoireachta agus an litrithe trí Ghaeilge. Tosaíonn Fuaim-U le focail bhunúsacha CGC agus leanann ar aghaidh go focail níos faide, focail ilsiollacha, focail le séimhiú agus le hurú, focail chaola agus leathana agus ansin, na féidearthachtaí litrithe atá ag na gutaí fada. Tá na focail ar fad sa chaighdeán ach tá béim ar Ghaeilge Chúige Uladh agus an nasc idir fuaimniú Uladh agus an litriú sa chaighdeán. Ar ndóigh, baineann an chuid is mó de na cluichí le gach canúint agus baineann cuid acu le Gaeilge Chúige Uladh amháin. Beidh an dá mhórchanúint eile ar fáil amach anseo.

An Teach Mór »

Seo aip foghlama Gaeilge a oibríonn ar an iPhone. Déanann an t-úsáideoir cuairt a thabhairt ar “theach mór”, seomra i ndiaidh seomra, agus ag an am céanna aithne a chur ar na téarmaí cuí a bhíonn á labhairt ag cainteoir Gaeilge.

12/02/2015

Bábóg Baby »

Is aip ildaite do pháistí óga é Bábóg Baby.

Foghlaimíonn tú dáthanna, cruthanna agus uimhireacha i mBéarla, Gaeilge, Gaelic na hAlban agus sa Bhreatnais. Roghnaíonn tú pé teanga atá tú ag iarraidh ar bharr an scáileáin.

Bíonn na focail scríofa agus ráite ar an aip.

Tá sé ar fáil go héasca ón Google Play Store d’Android agus ón App Store i gcomhair iPhone agus iPad.

12/02/2015

Briathra na Gaeilge »

Is aip spraíúil é seo a mhúineann briathair Gaeilge duit.

Tá os cionn 500 briathar éagsúil air agus samplaí de na haimsirí difriúla. Tá abairtí samplacha ann agus is féidir an méid a fhoghlaimíonn tú a chleachtadh leis na cluichí atá air.

Is féidir tosú leis an gcluiche ‘Meaitseáil an Briathar’, ansin, lean ar aghaidh le ‘Litrigh an Briathar’ agus i ndiaidh roinnt cleachtadh ‘Críochnaigh an Abairt’.

Aip Ící Pící »

Is compánach é an aip seo don leabhar agus dlúthdhiosca do pháistí Ící Pící. Tá ceol agus físeáin air agus is féidir leat do ghuth féin a thaifead ag ceol le cuid de na hamhráin ón leabhar. Tiocfaidh na focail aníos ar an scáileáin agus is féidir leat ceol leat ar stíl cháirióice. Is féidir do chuid taifid a roinnt le do chairde chomh maith leis an aip seo ar na meáin shóisialta.

Tá sé ar fáil anois iTunes don iPhone.

10/03/2015

Dangerous Dave in the Deserted Pirate's Hideout »

Beidh cuimhne ar daoine ag aois áirithe ar an gcluiche seo. Tháinig sé amach an chéad uair i 1988 agus bhí an-rath air. Tá Dave ar ais anois ag iarraidh a chuid trófaithe a fháil ar ais ón a namhaid, Clyde!

Tá an cluiche ar fáil i 14 teanga difriúil agus is í an Ghaeilge ceann acu sin.

Ainmhithe »

Foghlaimeoidh tú ainmnithe na hÉireann i nGaeilge leis an aip seo.

Tá 25 focal nua le foghlaim ón aip agus is féidir leat sin a dhéanamh leis an gcluiche beag atá mar chuid den aip. Tugann an cluiche deis duit dul in iomaíocht leat féin agus ansin is féidir leat an scór is fearr a chur ar an gclár ceann riain.

18/11/2015