Seo cluiche tríthoiseach bunaithe ar scéal Chú Chulainn, atá ar fáil as Gaeilge chomh maith le Béarla. Aidhm an chluiche ná cabhrú le Cú Chulainn éalú ó Oileán na nDraoithe. Is féidir Cú Chulainn a threorú amach trí chnagadh nó cliceáil ar an talamh. Sin mar a oibríonn sé!