Fuaim-U »

Is cluiche fónaice é Fuaim-U, don Android amháin, a leanann clár do pháistí atá ag foghlaim na léitheoireachta agus an litrithe trí Ghaeilge. Tosaíonn Fuaim-U le focail bhunúsacha CGC agus leanann ar aghaidh go focail níos faide, focail ilsiollacha, focail le séimhiú agus le hurú, focail chaola agus leathana agus ansin, na féidearthachtaí litrithe atá ag na gutaí fada. Tá na focail ar fad sa chaighdeán ach tá béim ar Ghaeilge Chúige Uladh agus an nasc idir fuaimniú Uladh agus an litriú sa chaighdeán. Ar ndóigh, baineann an chuid is mó de na cluichí le gach canúint agus baineann cuid acu le Gaeilge Chúige Uladh amháin. Beidh an dá mhórchanúint eile ar fáil amach anseo.

100 Briathar »

Tá 100 de na briathair is coitianta sa Ghaeilge ar an aip seo, i gcúig aimsir difriúil. Tá sé ar fáil don iPhone agus don Android.

05/06/2015

An Teach Mór »

Seo aip foghlama Gaeilge a oibríonn ar an iPhone. Déanann an t-úsáideoir cuairt a thabhairt ar “theach mór”, seomra i ndiaidh seomra, agus ag an am céanna aithne a chur ar na téarmaí cuí a bhíonn á labhairt ag cainteoir Gaeilge.

12/02/2015

TG Lurgan »

Tá aip curtha le chéile ag TG Lurgan leis na hamhráin ar fad a ndearna siad air. Is féidir leat éisteacht leo ar fad ar d’fhón cliste leis an aip seo.

Ainmhithe »

Foghlaimeoidh tú ainmnithe na hÉireann i nGaeilge leis an aip seo.

Tá 25 focal nua le foghlaim ón aip agus is féidir leat sin a dhéanamh leis an gcluiche beag atá mar chuid den aip. Tugann an cluiche deis duit dul in iomaíocht leat féin agus ansin is féidir leat an scór is fearr a chur ar an gclár ceann riain.

18/11/2015

Cluichí Teanga: Gaeilge agus Iodáilis »

Seo leagan Gaeilge agus Iodáilis den chluiche Hangman. Is féidir le foghlaimeoirí an dá theanga é a imirt. Déantar iarracht tomhais a dhéanamh ar fhocail Gaeilge, a fhaid agus atá an créatúr bocht á chrochadh as an gcrann. Tá na leideanna in Iodálais.