Seo aip don iPhone agus don Android a chuireann na leaganacha éagsúla de bhriathra na Gaeilge ar fáil, mar shampla sa leagan dearfach, diúltach, agus ceisteach, mar aon leis na haimsirí go léir. Cuirtear an t-ainm briathra ar fáil chomh maith. Tá thart ar 150 de na briathra is coitianta ann faoi láthair.
Tá 100 de na briathair is coitianta sa Ghaeilge ar an aip seo, i gcúig aimsir difriúil. Tá sé ar fáil don iPhone agus don Android.
05/06/2015
Seo leagan Gaeilge agus Iodáilis den chluiche Hangman. Is féidir le foghlaimeoirí an dá theanga é a imirt. Déantar iarracht tomhais a dhéanamh ar fhocail Gaeilge, a fhaid agus atá an créatúr bocht á chrochadh as an gcrann. Tá na leideanna in Iodálais.
Is é atá i LingoBrain ná bogearra nua foghlama teanga. Is cluiche é don chóras Android a thugann cúnamh don úsáideoir focail nua, mar aon lena n-inscne, a fhoghlaim i dteanga nua. In éindí leis sin, tá foclóir breá fairsing a oibríonn as-líne ag dul leis. Is féidir an clár seo a úsáid gan nasc leanúnach leis an idirlíon a bheith ann. Is i mBéarla atá an clár agus é curtha in oiriúint d’fhoghlaim na Gaeilge agus na Gearmáinise.