Mozilla Thunderbird »

Is feidhmchlár chun ríomhphoist a scríobh, a sheoladh agus a ghlacadh is ea Mozilla Thunderbird. Is feidhmchlár foinse oscailte é, agus tá sé in úsáid go han-forleathan ar fud an domhain. Baineann an-chuid comhlachtaí leas as freisin. Go minic úsáidtear é in éineacht le LibreOffice (nó OpenOffice.org) agus Mozilla Firefox chun pacáiste iomlán bunúsach agus fiúntach a chur ar fáil ar ríomhaire saor ó chostas.

Roundcube »

Is é atá i Roundcube ná áis ríomhphoist, le tacaíocht MIME, leabhar seoltaí, bainistiú comhad, cuardach teachtaireachtaí, litreoir leictreonach agus eile, ar fad le comhéadan ríomhchláir. Is clár nua é seo.

Outlook »

Más mian leat teachtaireachtaí ríomhphoist a chumadh, a sheoladh agus a léamh, ar-líne, is féidir sin a dhéanamh ar outlook.com, suíomh cuntas ríomhphoist saor in aisce ó Microsoft. Tá an suíomh ar fad ar fáil i nGaeilge. Is suíomh ríomhphoist snasta agus cumasach é. Nóta: Ní hionann é seo agus an Outlook atá in MS Office (atá ar fáil i nGaeilge freisin), ach áis atá cosúil le hotmailgmail. Níl gmail ar fáil i nGaeilge, faraor, mar sin is rogha maith é outlook.com.

Gmail »

11/12/14 Nuacht iontach: Tá Gmail ar fáil anois - dod’ ríomhaire - i dtogha na Gaeilge. Tá Gmail, ó Google, ar cheann de na háiseanna ríomhaireachta is mó úsáide ar domhan, agus is ar éigean gur gá é a mhíniú. Tharla aistriú meithle sa dara leath de 2014, faoi stiúir Google féin, agus fógraíodh don phobal é ag tús mí na Nollag, 2014. Tá súil againn go leanfaidh neart áiseanna eile é.

Complete for Gmail »

Is breasán do Google Chrome é Complete for Gmail a chríochnaíonn focail agus a déanann tuar ar cén focail atá ar intinn agat fad is atá tú ag clóscríobh in Gmail.

Críochnaíonn sé agus déanann sé tuar ar fhocail Ghaeilge freisin.

Is breiseán saor in aisce é do Google Chrome amháin.

02/06/2015