Is feidhmchlár chun ríomhphoist a scríobh, a sheoladh agus a ghlacadh is ea Mozilla Thunderbird. Is feidhmchlár foinse oscailte é, agus tá sé in úsáid go han-forleathan ar fud an domhain. Baineann an-chuid comhlachtaí leas as freisin. Go minic úsáidtear é in éineacht le LibreOffice (nó OpenOffice.org) agus Mozilla Firefox chun pacáiste iomlán bunúsach agus fiúntach a chur ar fáil ar ríomhaire saor ó chostas.