Get the Focal »

Is foclóir nó bunachar sonraí ollmhór Béarla / Gaeilge é Get the Focal. Tá breis agus 13,000 focal agus téarmaí ar fáil ann maille le torthaí ó www.focal.ie agus aistriúcháin ar fáil trí chóras aistrithe AistrighGoogle.

An bhfuil níos mó ná aistriúchán de dhíth? An mian leat an focal a chloisteáil? Is féidir an fuaimniú a chloisteáil freisin trí chnaipe a bhrú.

Cliúsaíocht as Gaeilge »

An dtaitníonn duine le Gaeilge go mór leat? Ar mhaith leat é nó í a mhealladh le do theanga? Seo feidhmchláirín áisiúil (agus gáirsiúil) atá lán de nathanna luachmhara atá riachtanach más mian leat Gaeilge a labhairt is tú ag bualadh le daoine nó ag bualadh leathair leo. Clúdaíonn sé chuile ní ó chaochadh súile le duine istoíche go hoscailt do shúile is iad farat ar maidin. Ní bheidh tú gann ar fhocal in am an ghátair arís.

Frása an lae »

Tá nath cainte oiriúnach do ghach lá sa bhliain ar fáil ar an bhfeidhmchláirín seo. Tá 366 nathanna ann mar aon le foghraíocht agus aistriúchán i mBéarla. Tá comhad fuaime ag dul le gach nath cainte agus ní gá rochtain a bheith ann leis an ngréasán domhanda chun iad a chloisteáil. Is é Colm Ó Snodaigh an té a thaifead na míreanna fuaime.

100 Briathar »

Tá 100 de na briathair is coitianta sa Ghaeilge ar an aip seo, i gcúig aimsir difriúil. Tá sé ar fáil don iPhone agus don Android.

05/06/2015

TG Lurgan »

Tá aip curtha le chéile ag TG Lurgan leis na hamhráin ar fad a ndearna siad air. Is féidir leat éisteacht leo ar fad ar d’fhón cliste leis an aip seo.

Briathra na Gaeilge »

Is aip spraíúil é seo a mhúineann briathair Gaeilge duit.

Tá os cionn 500 briathar éagsúil air agus samplaí de na haimsirí difriúla. Tá abairtí samplacha ann agus is féidir an méid a fhoghlaimíonn tú a chleachtadh leis na cluichí atá air.

Is féidir tosú leis an gcluiche ‘Meaitseáil an Briathar’, ansin, lean ar aghaidh le ‘Litrigh an Briathar’ agus i ndiaidh roinnt cleachtadh ‘Críochnaigh an Abairt’.

Tearma.ie aip »

Is aip é seo atá nasctha leis an suíomh www.tearma.ie (www.focal.ie mar a bhí)

Tá eolas ar www.tearma.ie ar fáil anseo.

Is é atá i gceist leis an aip seo ná bealach eile le teacht ar an suíomh gan bhrabhsálaí a úsáid.

Tá sé ar fáil don iPhone, iPad agus don Android.

Foclóir Béarla-Gaeilge »

Foclóir Béarla-Gaeilge ar fáil mar fheidhmchláirín.

Tá breis is 32,000 ceannfhocal, os cionn 100,000 aonad céille, agus níos mó ná 100,000 abairt shamplach agus frása san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge. Tá comhaid foghraíochta ó na trí mhórchanúint agus an t-iliomad comhad gramadaí ar fáil d’úsáideoirí chomh maith.

An chéad fhoclóir cuimsitheach Béarla-Gaeilge a foilsíodh le breis agus 50 bliain anuas, tá an foclóir comhaimseartha, údarásach seo oiriúnach do dhaoine den uile aois agus cumas, ón bhfoghlaimeoir atá ar thús a aistir go dtí cainteoirí líofa a úsáideann an teanga ar leibhéal gairmiúil gach lá.

Tá a thuilleadh eolais maidir leis an aip seo le fáil anseo.

Tá sé ar fáil don Android, agus don iPhone/iPad.