Get the Focal »

Is foclóir nó bunachar sonraí ollmhór Béarla / Gaeilge é Get the Focal. Tá breis agus 13,000 focal agus téarmaí ar fáil ann maille le torthaí ó www.focal.ie agus aistriúcháin ar fáil trí chóras aistrithe AistrighGoogle.

An bhfuil níos mó ná aistriúchán de dhíth? An mian leat an focal a chloisteáil? Is féidir an fuaimniú a chloisteáil freisin trí chnaipe a bhrú.

DioDict3 »

Tá foclóir saor in aisce ar fáil don Android, agus trín “siopa” Samsung amháin (ní Google Play, ar chúis éigin), bunaithe ar an mbunachar atá ag An nGúm (An Foclóir Póca). Is foclóir fiúntach é seo, agus is fiú é a íosluchtú más féidir.

Briathra »

Seo aip don iPhone agus don Android a chuireann na leaganacha éagsúla de bhriathra na Gaeilge ar fáil, mar shampla sa leagan dearfach, diúltach, agus ceisteach, mar aon leis na haimsirí go léir. Cuirtear an t-ainm briathra ar fáil chomh maith. Tá thart ar 150 de na briathra is coitianta ann faoi láthair.

Ponder »

Uirlis ardleibhéil chun cuidiú le daltaí agus micléinn critique agus anailís a dhéanamh ar théacsanna Gaeilge.

Leabhar idirghníomhach Gaeilge »

Seo an chéad leabhar idirghníomhach atá ar fáil i nGaeilge. Tá sé ar fáil don Mac agus iPad amháin.

Slí Draíochta an Gha Ghréine le Marion Rose McFadden

Is scéal é faoi chailín óg atá ag súgradh lena haintín Róisín nuair a fheiceann sí ga gréine ag damhsa ar imeall na foraoise. Faigheann sí amach nach sióga atá sna gathanna seo ach ‘Demifay’ atá níos cúthaile ná na sióga.

Tabharfaidh sé léargas éagsúil de shaol na sióg do dhaoine óga i modh difriúil, digiteach.

Foclóir Béarla-Gaeilge »

Foclóir Béarla-Gaeilge ar fáil mar fheidhmchláirín.

Tá breis is 32,000 ceannfhocal, os cionn 100,000 aonad céille, agus níos mó ná 100,000 abairt shamplach agus frása san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge. Tá comhaid foghraíochta ó na trí mhórchanúint agus an t-iliomad comhad gramadaí ar fáil d’úsáideoirí chomh maith.

An chéad fhoclóir cuimsitheach Béarla-Gaeilge a foilsíodh le breis agus 50 bliain anuas, tá an foclóir comhaimseartha, údarásach seo oiriúnach do dhaoine den uile aois agus cumas, ón bhfoghlaimeoir atá ar thús a aistir go dtí cainteoirí líofa a úsáideann an teanga ar leibhéal gairmiúil gach lá.

Tá a thuilleadh eolais maidir leis an aip seo le fáil anseo.

Tá sé ar fáil don Android, agus don iPhone/iPad.

Léigh Linn »

Áis léitheoireachta is ea Léigh Linn. Tá leabhair Ghaeilge agus eolas fúthu le fáil air. Tá an chéad chuid de gach leabhar ar fáil i bhfoirm ríomhleabhair (ebook) agus i bhfoirm closleabhair (audio book). Is féidir leat éisteacht leis an leabhar nó é a léamh ar do ríomhaire, ar do thaibléad, nó ar d’fhón cliste. Má thaitníonn an leabhar leat, is féidir an chuid eile de a cheannach agus a íoslódáil.