Is é atá i nGaelfón Irish Translator ná feidhmchlár do ghutháin Samsung inar féidir téarmaí a aistriú ó Ghaeilge go Béarla nó ó Bhéarla go Gaeilge. Tá breis agus 13,000 focal ann. Feidhmíonn sé go neamhspleách ar an ngréasán domhanda. Ach is féidir fuaimniú na bhfocal a íosluchtú ón idirlín muna bhfuil tú cinnte faoi cén chaoi len iad a fhuaimniú.
Is foclóir nó bunachar sonraí ollmhór Béarla / Gaeilge é Get the Focal. Tá breis agus 13,000 focal agus téarmaí ar fáil ann maille le torthaí ó www.focal.ie agus aistriúcháin ar fáil trí chóras aistrithe AistrighGoogle.
An bhfuil níos mó ná aistriúchán de dhíth? An mian leat an focal a chloisteáil? Is féidir an fuaimniú a chloisteáil freisin trí chnaipe a bhrú.
Tá nath cainte oiriúnach do ghach lá sa bhliain ar fáil ar an bhfeidhmchláirín seo. Tá 366 nathanna ann mar aon le foghraíocht agus aistriúchán i mBéarla. Tá comhad fuaime ag dul le gach nath cainte agus ní gá rochtain a bheith ann leis an ngréasán domhanda chun iad a chloisteáil. Is é Colm Ó Snodaigh an té a thaifead na míreanna fuaime.
Is feidhmchláirín fónta é seo do ghutháin Android nuair atá focal faoi leith á lorg, teasáras go bunúsach. Téigh i dtuilleamaí an fhoclóra in áit ar bith. Ní gá nasc a bheith ann leis an ngréasán domhanda chun focail a chuardach. Tá sé an-áisiúil má táthar thar lear, in eitleán, nó in áit iarghúlta nach bhfuil ceangailte leis an idirlíon nó más mian cumhacht sa chadhnra a spáráil. Tá foclóirí i dteangacha eile ann freisin.
12/02/2015
Seo aip don iPhone agus don Android a chuireann na leaganacha éagsúla de bhriathra na Gaeilge ar fáil, mar shampla sa leagan dearfach, diúltach, agus ceisteach, mar aon leis na haimsirí go léir. Cuirtear an t-ainm briathra ar fáil chomh maith. Tá thart ar 150 de na briathra is coitianta ann faoi láthair.
Tá 100 de na briathair is coitianta sa Ghaeilge ar an aip seo, i gcúig aimsir difriúil. Tá sé ar fáil don iPhone agus don Android.
05/06/2015
Is aip é seo atá nasctha leis an suíomh www.tearma.ie (www.focal.ie mar a bhí)
Tá eolas ar www.tearma.ie ar fáil anseo.
Is é atá i gceist leis an aip seo ná bealach eile le teacht ar an suíomh gan bhrabhsálaí a úsáid.
Tá sé ar fáil don iPhone, iPad agus don Android.
Foclóir Béarla-Gaeilge ar fáil mar fheidhmchláirín.
Tá breis is 32,000 ceannfhocal, os cionn 100,000 aonad céille, agus níos mó ná 100,000 abairt shamplach agus frása san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge. Tá comhaid foghraíochta ó na trí mhórchanúint agus an t-iliomad comhad gramadaí ar fáil d’úsáideoirí chomh maith.
An chéad fhoclóir cuimsitheach Béarla-Gaeilge a foilsíodh le breis agus 50 bliain anuas, tá an foclóir comhaimseartha, údarásach seo oiriúnach do dhaoine den uile aois agus cumas, ón bhfoghlaimeoir atá ar thús a aistir go dtí cainteoirí líofa a úsáideann an teanga ar leibhéal gairmiúil gach lá.
Tá a thuilleadh eolais maidir leis an aip seo le fáil anseo.
Tá sé ar fáil don Android, agus don iPhone/iPad.
Is é atá i LingoBrain ná bogearra nua foghlama teanga. Is cluiche é don chóras Android a thugann cúnamh don úsáideoir focail nua, mar aon lena n-inscne, a fhoghlaim i dteanga nua. In éindí leis sin, tá foclóir breá fairsing a oibríonn as-líne ag dul leis. Is féidir an clár seo a úsáid gan nasc leanúnach leis an idirlíon a bheith ann. Is i mBéarla atá an clár agus é curtha in oiriúint d’fhoghlaim na Gaeilge agus na Gearmáinise.