Mozilla Firefox don Ríomhaire »

Is brabhsálaí saor ó chostas, agus bunaithe ar fhoinse oscailte, é Mozilla Firefox. Is iad na gnéithe is suntasaí ná cé chomh gasta agus chomh héasca atá sé le suiteáil agus le feidhm a bhaint as. Is feidhmchlár éadrom agus gasta é a chomhlíonann na príomhchaighdeáin idirlín. Tá sé in úsáid go forleathan, go háirithe san Eoraip, áit a bhfuil beagnach an oiread céanna úsáideoirí aige agus atá ag Microsoft Internet Explorer (atá díreach curtha ar fáil sa Ghaeilge).

Litreoir do Mhozilla Firefox »

eisínteacht de Gaelspell ar fáil do Mozilla Firefox, agus tá sé seo ar fáil saor ó chostas. Mar sin, má theastaíonn uait téacs dea-litrithe a scríobh ar an idirlíon, ní haon dochar é an áis seo a úsáid. Tá sé ar fáil i bhfoirm breiseáin do Firefox.

MediaWiki »

Saghas feidhmchlár ghréasáin is ea vicí (.i. wiki an Bhéarla) a cheadaíonn do na húsáideoirí ábhar a chur leis (ar nós fóram idirlín), agus a cheadaíonn dóibh an t-ábhar a chur in eagar (nó a cheartú!) chomh maith. Tugtar an téarma vicí ar na bogearraí chomhoibríocha a úsáidtear chun an saghas suímh Gréasáin sin a chruthú. Leis an áis áirithe seo, is féidir leat do láithreán féin idirlín a fhorbairt, agus cead a thabhairt do dhream teoranta daoine leasuithe a dhéanamh air. Tá sé saor ó chostas.

Mozilla Firefox d'fhón cliste »

Mozilla Firefox ar fáil anois don ghuthán Android agus iPhone, agus é i nGaeilge. Is brabhsálaí saor ó chostas, bunaithe ar fhoinse oscailte, é. Is iad na gnéithe is suntasaí ná cé chomh gasta agus chomh héasca atá sé le suiteáil agus le feidhm a bhaint as. Bain leas as!

Internet Explorer 11 don Ríomhaire »

Is brabhsálaí saor ó chostas, de chuid Microsoft, é Internet Explorer (IE). Tá an leagan reatha, IE 11, ar fáil as Gaeilge. Tá an feidhmchlár seo in úsáid ag sciar mór den phobal, go háirithe sna Stáit Aontaithe.

DuckDuckGo don Ríomhaire »

Is inneall cuardaigh é DuckDuckGo. In ainneoin an ainm aistí, an rud atá éagsúil i dtaca leis seo ná nach mbíonn taifead ar bith á dhéanamh maidir leis an gcuardach ag an úsáideoir. (An nós ag Google, mar shampla, ná taifead a dhéanamh ar an gcuardach agat agus feidhm á bhaint as chun an tseirbhís “a chur in oiriúint duit"). Is fusa torthaí a aimsiú mar chuirtear gach toradh ar aon leathanach amháin mar sin ní gá dul ar aghaidh go dtí leathanach eile.

Ní amháin go bhfuil sé slán agus ní leantar do chuardach, tá cuma dheas air. Nuair a rachfar i dtaithí air, ní bheidh fonn ort feidhm a bhaint as innill chuardaigh eile.

Twitter »

Tá Twitter ar fáil i nGaeilge anois!

Joomla! »

Is córas bainistíochta faisnéise é Joomla! [content management system (CMS)], rud a chuireann ar do chumas - más forbróir thú nó duine le cumas áirithe teicniúil - suíomhanna idirlín agus feidhmchláracha cumhachtacha ar líne a chruthú. Tá an-chuid gnéithe, as nós gastacht agus “somhéadú” an chórais, tar éis an bogearra forbartha suíomh idirlín is mó ráchairte a dhéanamh as Joomla!. Agus thairis sin is uile, is réiteach foinse oscailte é Joomla! agus ar ar fáil do chách.