Is brabhsálaí saor ó chostas, agus bunaithe ar fhoinse oscailte, é Mozilla Firefox. Is iad na gnéithe is suntasaí ná cé chomh gasta agus chomh héasca atá sé le suiteáil agus le feidhm a bhaint as. Is feidhmchlár éadrom agus gasta é a chomhlíonann na príomhchaighdeáin idirlín. Tá sé in úsáid go forleathan, go háirithe san Eoraip, áit a bhfuil beagnach an oiread céanna úsáideoirí aige agus atá ag Microsoft Internet Explorer (atá díreach curtha ar fáil sa Ghaeilge).
Tá eisínteacht de Gaelspell ar fáil do Mozilla Firefox, agus tá sé seo ar fáil saor ó chostas. Mar sin, má theastaíonn uait téacs dea-litrithe a scríobh ar an idirlíon, ní haon dochar é an áis seo a úsáid. Tá sé ar fáil i bhfoirm breiseáin do Firefox.