Video2mp3.net »

Is suíomh é Video2mp3.net chun físeáin ar shuíomhanna ar nós YouTube a thiontú go dtí comhaid fhuaime MP3. Is bealach iontach é chun comhaid cheoil a ghabháil agus éisteacht leo. Tá sé gasta, ar fáil saor in aisce agus ní gá clárú chun leas a bhaint as. Níl de dhíth ach URL físeáin: tiontóidh Video2mp3.net an físeán go dtí comhad MP3 agus cuirfear seoladh ar fáil chun an fuaimrian nua MP3 a íosluchtú. Mar thoradh air sin, is féidir éisteacht le hamhráin YouTube ar gach seinnteoir MP3.

Audacity »

Is feidhmchlár saor in aisce bunaithe ar an bhfealsúnacht foinse oscailte é Audacity. Is chun fuaimeanna a thaifead agus a chur in eagar é. Tar éis fuaim a thaifeadadh (ó mhicreafón nó ó shruth éigin eile ar an ríomhaire) is féidir gach cineál éifeacht a chur leis: macalla, treisiú doird, aisiompú, inbhéartú agus mar sin de. Iontach úsáideach. Tá neart eile gur féidir a dhéanamh leis; is uirlis innealtóireachta fuaime den scoth é.

Miro »

Is seinnteoir físeán saor in aisce é Miro. Ligeann sé duit gach cineál físchomhad agus comhad fuaime a sheinm. Seinntear físeáin ardghléine air. Is féidir freisin físeáin a íosluchtú ó YouTube leis. Is féidir podchraoltaí a íosluchtú agus éisteacht leo ann. Tá eolaire ag Miro freisin inar féidir físeáin a lorg agus a roghnú.

Floola »

Ligeann Floola duit ceol, físeáin, podchraoltaí agus grianghraif a chur ar iPod nó a bhaint de freisin (Oibríonn sé le haon déanamh, ach ní leis an iPhone ná an iPod Touch) nó do ghuthán Motorola. Is feidhmchlár neamhspleách é ar féidir a rith go díreach ón iPod.

VLC, VideoLAN »

Is seinnteoir meán mór-le-rá saor in aisce a bhfuil foinse oscailte aige é VLC a sheinneann beagnach gach rud idir fuaimrianta agus físeáin. Mar aon leis sin seinneann sé DVDanna, dlúthdhioscaí, VCD agus prótacail sruthaithe éagsúla.

Is féidir é a shaincheapú trí chraiceann a chuir ar an gcomhéadan. Tá réimse leathan craiceann curtha ar fáil ag daoine saor in aisce sa chaoi is gur féidir an seinnteoir VLC a mhaisiú de réir mianta pearsanta.

Nightingale »

Is seinnteoir ceoil é Nightingale. D’eascair sé ón seinnteoir ilmheán Songbird. Is féidir éisteacht le ceol agus craolacháin air maille le podchraoltaí a íosluchtú agus a chur in eagar. Mar aon leis sin, is brabhsálaí é .i. is féidir breathnú ar an ngréasán domhanda fad is atáthar ag baint feidhm as.

Amarok »

Is seinnteoir ceoil mór-le-rá saor in aisce a bhfuil foinse oscailte aige é Amarok bunaithe ach go háisithe ar an gcóras Linux, ach a bhfuil leaganacha de ann freisin do Windows agus C.O. Apple. Tá clú air toisc a éasca agus atá sé leas a bhaint as an gcomhéadan. Tá leagan Gaeilge de ar fáil anois, den chéad uair. [Tá sé le cur ar fáil go luath - ta sé á thástáil faoi láthair.]