Tux Paint »

Is ríomhchlár saor ó chostas é Tux Paint do pháistí idir 3 agus 12 bliana d’aois. Tá comhéadan simplí air, fuaimeanna spraíúla agus sonóg a threoraíonn na páistí agus iad ag tarraingt íomhánna. Is féidir dathanna, línte, agus cruthanna éagsúla de gach sórt a roghnú, agus pictiúir an-thaitneamhacha a tharraingt. Freisin, tá sé deacair ag páiste botún a dhéanamh agus pictiúr nua a chailleadh, mar tá cuimhne maith sa chlár, fiú má fhágtar é de thimpiste.

Scratch »

Is é atá i Scratch ná áis spraoi agus áis foghlama do pháistí óga. Is é atá á mhúineadh ná coincheapa ríomhaireachta, agus déantar é seo ar bhealach an-tarraingteach simplí do pháistí. Is féidir pearsana a chruthú agus a chur ag caint, nó ag canadh, nó ag gluaiseacht ar an scáileán. Is féidir leis an tuismitheoir aithne a chur ar an bhfeidhmchlár go tapa, agus ansin obair i dteannta an pháiste

An Caife Craosach »

Is cluiche idirghabhála é An Caife Craosach ina roghnaíonn an t-imreoir carachtar amháin, GabeGabby, le bheith mar bhainisteoir ar bhialann neamhghnách i mBaile Ravenwood. Caithfidh an t-imreoir freastal go sásúil ar na hollphéisteanna ar fad atá mar chustaiméirí na bialainne ionas go n-íocfaidh gach ceann acu sula bhfágfar. Is féidir an físchluiche seo a íosluchtú saor in aisce anois.

29/01/2015

ICF Cú Chulainn »

Seo cluiche tríthoiseach bunaithe ar scéal Chú Chulainn, atá ar fáil as Gaeilge chomh maith le Béarla. Aidhm an chluiche ná cabhrú le Cú Chulainn éalú ó Oileán na nDraoithe. Is féidir Cú Chulainn a threorú amach trí chnagadh nó cliceáil ar an talamh. Sin mar a oibríonn sé!