Seo aip foghlama Gaeilge a oibríonn ar an iPhone. Déanann an t-úsáideoir cuairt a thabhairt ar “theach mór”, seomra i ndiaidh seomra, agus ag an am céanna aithne a chur ar na téarmaí cuí a bhíonn á labhairt ag cainteoir Gaeilge.
12/02/2015
Is aip spraíúil é seo a mhúineann briathair Gaeilge duit.
Tá os cionn 500 briathar éagsúil air agus samplaí de na haimsirí difriúla. Tá abairtí samplacha ann agus is féidir an méid a fhoghlaimíonn tú a chleachtadh leis na cluichí atá air.
Is féidir tosú leis an gcluiche ‘Meaitseáil an Briathar’, ansin, lean ar aghaidh le ‘Litrigh an Briathar’ agus i ndiaidh roinnt cleachtadh ‘Críochnaigh an Abairt’.
Beidh cuimhne ar daoine ag aois áirithe ar an gcluiche seo. Tháinig sé amach an chéad uair i 1988 agus bhí an-rath air. Tá Dave ar ais anois ag iarraidh a chuid trófaithe a fháil ar ais ón a namhaid, Clyde!
Tá an cluiche ar fáil i 14 teanga difriúil agus is í an Ghaeilge ceann acu sin.
Foghlaimeoidh tú ainmnithe na hÉireann i nGaeilge leis an aip seo.
Tá 25 focal nua le foghlaim ón aip agus is féidir leat sin a dhéanamh leis an gcluiche beag atá mar chuid den aip. Tugann an cluiche deis duit dul in iomaíocht leat féin agus ansin is féidir leat an scór is fearr a chur ar an gclár ceann riain.
18/11/2015
Seo leagan Gaeilge agus Iodáilis den chluiche Hangman. Is féidir le foghlaimeoirí an dá theanga é a imirt. Déantar iarracht tomhais a dhéanamh ar fhocail Gaeilge, a fhaid agus atá an créatúr bocht á chrochadh as an gcrann. Tá na leideanna in Iodálais.