WinGléacht »

Is leagan de Fhoclóir Uí Dhónaill do ríomhairí é WinGléacht. Is foclóir Gaeilge-Béarla é ach is féidir focail a chuardach ó Bhéarla go Gaeilge freisin, murab ionann agus sa leagan clóbhuailte. Níl fheidhmíonn sé ar an idirlíon, faraor, rud a bheadh thar a bheith úsáideach. Ní féidir an clár a íosluchtú ach oiread: caithfear é a cheannach ar CD. Is do ríomhairí Windows amháin é.

Ceart »

Is gramadóir leictreonach é Ceart, sé sin aimsíonn sé botúin ghramadaí i dtéacs scríofa. Is clár a oibríonn go neamhspleách ar phróiseálaithe focal é, mar sin is gá an téacs a chóipeáil agus a ghreamú ón mbuncháipéis chun é a chur ag obair. Is é an t-aon áis inúsáidte dá leithéid atá ann, agus tá sé fiúntach. Tá costas thart ar €30 air, agus is féidir é a íosluchtú ón idirlíon nó a cheannach ar CD.

Litreoir do Mhozilla Firefox »

eisínteacht de Gaelspell ar fáil do Mozilla Firefox, agus tá sé seo ar fáil saor ó chostas. Mar sin, má theastaíonn uait téacs dea-litrithe a scríobh ar an idirlíon, ní haon dochar é an áis seo a úsáid. Tá sé ar fáil i bhfoirm breiseáin do Firefox.

Litreoir do Mhozilla Thunderbird »

eisínteacht de Gaelspell ar fáil do Mozilla Thunderbird, agus tá sé seo ar fáil saor ó chostas. Mar sin, má theastaíonn uait téacs dea-litrithe a scríobh i ríomhphoist, ní haon dochar é an áis seo a úsáid. Tá sé ar fáil i bhfoirm breiseáin do Thunderbird.

Seans Eile »

Forbraíodh Seans Eile mar áis chun Gaeilge a chleachtadh, trí bhéim a chur ar na rudaí is deacra don úsáideoir. Cuireann an clár ceisteanna, agus déanann sé anailís ar na freagraí. Ní athchuirtear chomh minic sin ceisteanna a freagraítear i gceart, agus tugtar seans eile don úsáideoir i gcás na gceisteanna nach bhfreagraítear i gceart. Áis foghlamtha an-úsáideach ar fad.

Litreoir Gaeilge do OpenOffice.org »

eisínteacht de Gaelspell ar fáil do OpenOffice.org, agus tá sé seo ar fáil saor ó chostas. Mar sin, má theastaíonn próiseálaí focal maith uait le litreoir fiúntach ann, agus gan rud ar bith a íoc as, seo í an rogha cheart (OpenOffice.org Writer).

Foclóir Fraincise - Gaeilge »

Is foclóir Fraincise - Gaeilge é seo atá ar fáil saor in aisce (Is cuid é den togra Freelang). Is foclóir beag é ach is féidir a thuilleadh focal a chur leis chun líon na bhfocal a mhéadú. Is feidhmchlár beag é agus an-éasca go deo feidhm a bhaint as. Is féidir focail a chuardach i bhFraincis nó i nGaeilge. Níl sonraí ar fáil don na focail, áfach: níl ar fáil ach an focal Fraincise do fhocal Gaeilge agus a mhalairt. Tá an foclóir ar fáil ar an ngréasán freisin. Is féidir feidhm a bhaint as ansin saor in aisce ach ní féidir a thuilleadh focal a chur leis sa chás sin.