Greann Gaeilge »

Múineann Greann le Gaeilge duit conas briathra agus forainmneacha réamhfhoclacha (do, dom, duit, agus araile) a réimniú. Mar aon leis sin, is féidir cur leis an ábhar. Tá foclóir Gaeilge-Béarla saor in aisce bunaithe ar Irishionary.com a nuashonraítear gach mí.

Mar aon le sin tá líonléitheoir ionsuite ann chun rochtain a fháil ar na cláir phlé, na Greann Forums, inar féidir leat do Ghaeilge a chleachtadh agus freagraí a fháil ar aon cheist atá agat. Tá cláir phlé ann do thosaitheoirí, daoine le méid áirithe Gaeilge agus daoine a bhfuil cuíosach líofa. Tá na cláir phlé seo churtha in oiriúint don iPhone nó an iPod Touch.

Aire: Is do ghutháin iPhone, iPod Touch agus an iPad amháin é an feidhmchláirín seo.

Get the Focal »

Is foclóir nó bunachar sonraí ollmhór Béarla / Gaeilge é Get the Focal. Tá breis agus 13,000 focal agus téarmaí ar fáil ann maille le torthaí ó www.focal.ie agus aistriúcháin ar fáil trí chóras aistrithe AistrighGoogle.

An bhfuil níos mó ná aistriúchán de dhíth? An mian leat an focal a chloisteáil? Is féidir an fuaimniú a chloisteáil freisin trí chnaipe a bhrú.

Fuaim-U »

Is cluiche fónaice é Fuaim-U, don Android amháin, a leanann clár do pháistí atá ag foghlaim na léitheoireachta agus an litrithe trí Ghaeilge. Tosaíonn Fuaim-U le focail bhunúsacha CGC agus leanann ar aghaidh go focail níos faide, focail ilsiollacha, focail le séimhiú agus le hurú, focail chaola agus leathana agus ansin, na féidearthachtaí litrithe atá ag na gutaí fada. Tá na focail ar fad sa chaighdeán ach tá béim ar Ghaeilge Chúige Uladh agus an nasc idir fuaimniú Uladh agus an litriú sa chaighdeán. Ar ndóigh, baineann an chuid is mó de na cluichí le gach canúint agus baineann cuid acu le Gaeilge Chúige Uladh amháin. Beidh an dá mhórchanúint eile ar fáil amach anseo.

100 Briathar »

Tá 100 de na briathair is coitianta sa Ghaeilge ar an aip seo, i gcúig aimsir difriúil. Tá sé ar fáil don iPhone agus don Android.

05/06/2015

Tearma.ie aip »

Is aip é seo atá nasctha leis an suíomh www.tearma.ie (www.focal.ie mar a bhí)

Tá eolas ar www.tearma.ie ar fáil anseo.

Is é atá i gceist leis an aip seo ná bealach eile le teacht ar an suíomh gan bhrabhsálaí a úsáid.

Tá sé ar fáil don iPhone, iPad agus don Android.

Foclóir Béarla-Gaeilge »

Foclóir Béarla-Gaeilge ar fáil mar fheidhmchláirín.

Tá breis is 32,000 ceannfhocal, os cionn 100,000 aonad céille, agus níos mó ná 100,000 abairt shamplach agus frása san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge. Tá comhaid foghraíochta ó na trí mhórchanúint agus an t-iliomad comhad gramadaí ar fáil d’úsáideoirí chomh maith.

An chéad fhoclóir cuimsitheach Béarla-Gaeilge a foilsíodh le breis agus 50 bliain anuas, tá an foclóir comhaimseartha, údarásach seo oiriúnach do dhaoine den uile aois agus cumas, ón bhfoghlaimeoir atá ar thús a aistir go dtí cainteoirí líofa a úsáideann an teanga ar leibhéal gairmiúil gach lá.

Tá a thuilleadh eolais maidir leis an aip seo le fáil anseo.

Tá sé ar fáil don Android, agus don iPhone/iPad.