Plurk »

Is dialann chaidreamhach é Plurk. Is féidir teachtaireachtaí gearra a fhoilsiú air chun insint don saol mór cad atá ar siúl agat nó chun pé rud eile is mian leat a rá. Is féidir do chuntais Facebook, Twitter agus LinkedIn a nuashonrú trí Plurk freisin. Foilsítear na teachtaireachtaí ar líne ama.

Facebook »

Is suíomh iontach é Facebook chun fanacht i dteagmháil le cairde agus daoine eile ar fud na cruinne. Tá breis agus 500 milliún cuntas Facebook ann! Is féidir íomhánna a fhoilsiú agus teachtaireachtaí a scríobh ar do leathanach féin agus iad a roinnt. Is é Facebook an suíomh idirlín caidreamhach is iomráití.

Pidgin »

Is ríomhchlár saor ó chostas é Pidgin chun teachtaireachtaí meandracha a sheoladh chuig cairde. Baineann na milliúin daoine feidhm as. Is féidir leat feidhm a bhaint as chun comhráite a bheith agat ar AIM, MSN, Yahoo agus ar líonraí comhráite eile.

MediaWiki »

Saghas feidhmchlár ghréasáin is ea vicí (.i. wiki an Bhéarla) a cheadaíonn do na húsáideoirí ábhar a chur leis (ar nós fóram idirlín), agus a cheadaíonn dóibh an t-ábhar a chur in eagar (nó a cheartú!) chomh maith. Tugtar an téarma vicí ar na bogearraí chomhoibríocha a úsáidtear chun an saghas suímh Gréasáin sin a chruthú. Leis an áis áirithe seo, is féidir leat do láithreán féin idirlín a fhorbairt, agus cead a thabhairt do dhream teoranta daoine leasuithe a dhéanamh air. Tá sé saor ó chostas.

Scrabble3D »

Cluiche boird is ea Scrabble. Modh an chluiche ná focail a chur ar an gclár ar bhealach cosúil le crosfhocal. Is féidir le suas le ceathrar imreoir páirt a ghlacadh sa chluiche. Faigheann gach imreoir líon teoranta litreacha (7 nó 8 de ghnáth). Duine a ndiaidh a chéile, caithfidh na himreoirí iarracht a dhéanamh focail bhailí a dhéanamh leis na litreacha atá acu, agus iad a nascadh leis na focail atá ar an gclár cheana féin. Braitheann luach na bhfocal ar luach na litreacha (tá luach níos airde ar litreacha atá níos annaimhe) agus ar na cearnóga bisigh a iolraíonn scór litreach nó scór an fhocail iomláin. Is é cuspóir an chluiche an scór is airde a fháil.

Skype, Comhéadan Gaeilge do »

Tá comhéadan Gaeilge ar fáil do Skype, an ríomhchlár a chuireann ar do chumas glaoch ar dhaoine thar an idirlíon. Caithfidh Skype a bheith suiteáilte ar an ríomhaire ar dtús báire sular féidir an comhéadan Gaeilge a chuir i bhfeidhm air. Is ar ríomhairí faoi Windows amháin a oibríonn sé seo.

AbairLabhairComhrá (SpeakTalkChat) »

Tá suíomh nua Éireannach curtha ar bun inar féidir le daoine comhrá ar-líne, le tacaíochta físeáin freisin, a bheith acu le chéile. Ní mór clárú leis an suíomh seo, agus eolas faoi d’ábhair spéise a chur ann. Nuair a bheidh a dhóthain daoine cláraithe ar an suíomh seo, beidh sé éasca go leor acu caint lena chéile.

12/02/2015

Peig.ie »

Suíomh agus aip nua Gaeilge de chuid Conradh na Gaeilge. Tá nascanna ann do nuacht Gaeilge agus nuacht a bhaineann leis an nGaeilge. Tá léarscáil d’ionaid Ghaeilge agus sonraí teagmhála s’acu ann agus nascanna go suíomhanna na sé ceann-eagraíochtaí.

Twitter »

Tá Twitter ar fáil i nGaeilge anois!

Loomio »

Is suíomh gréasáin é Loomio a thugann deis do dhream ar bith plé a dhéanamh ar togra ar leith.

Nuair a chruthaíonn tú cuntas ar an leis an suíomh is féidir leat tograí a fhoilsiú. Tugann tú cead do dhaoine an togra a phlé agus a chíoradh. Tá ceithre rogha ann do dhaoine chun a dtuairimí faoin togra a chur in iúl. Is féidir leo aontú leis, easaontú, staonadh nó an togra a chros.

Is áis iontach é d’eagraíochtaí agus comhlachtaí le cinntí a dhéanamh.

30/07/2015