µTorrent »

Gasta, feidhmiúil agus saor in aisce. Is é µTorrent an ríomhchlár BitTorrent is mó a bhaintear feidhm as ar domhan. Ligeann µTorrent duit comhaid Torrent a íosluchtú agus a roinnt le daoine eile gan dua. Tá sé ar fáil do Windows, Mac agus Linux (trí Wine). Is ríomhchlár beag é nach mbaineann leas as mórán cuimhne. Is féidir é a shaincheapú freisin. Is féidir cuma an ríomhchláir a athrú trí “chraiceann” a chur air.

12/02/2015

e-Sword »

Más mian leat An Bíobla Naofa a léamh i nGaeilge ar do ríomhaire, tá áis ann duit. Is éard atá in e-Sword ná ríomhchlár don Bhíobla. Is féidir an téacs i nGaeilge a léamh le hais téacs i dteangacha eile: tá sé ar fáil in an-chuid teangacha. Is féidir freisin léarscáileanna agus íomhánna a fheiceáil chun tíreolas an Bhíobla a thuiscint. Tá foclóirí agus nótaí tráchtaireachta ar fáil freisin chun tuilleadh eolais agus tuisceana a fháil air. Is do ríomhaire Windows amháin a oireann e-Sword.

Poedit »

Is ríomhchlár é Poedit chun comhaid theangacha do ríomhchláir eile a aistriú. Tá foinse oscailte aige agus tá sé ar fáil saor ó chostas. Is ríomhchlár beag é agus ní bhaineann sé feidhm as mórán cuimhne ar ríomhairí.

Déan Beart: más mian leat cuidiú chun ríomhchláir a aistriú go Gaeilge, íosluchtaigh Poedit agus léigh an t-eolas ar an leathanach seo faoi conas é sin a dhéanamh.

Workrave »

Is ríomhchlár é Workrave a chabhraíonn leat gortú athstraidhneála a sheachaint agus chun biseach a fháil uaidh. Agus tú i mbun oibre ar do ríomhaire, is féidir stangadh a bhaint as do chorp. Tugann Workrave rabhadh duit sosanna a ghlacadh agus do scíth a ligeadh ar feadh seala. Mar aon leis sin, tá sraith cleachtaí mar chuid de a mholtar duit a dhéanamh ó am go ham ionas nach mbeidh tú suite sa suíomh céanna an lá ar fad. Feidhmíonn sé ar Windows agus ar Linux.

Scratch »

Is é atá i Scratch ná áis spraoi agus áis foghlama do pháistí óga. Is é atá á mhúineadh ná coincheapa ríomhaireachta, agus déantar é seo ar bhealach an-tarraingteach simplí do pháistí. Is féidir pearsana a chruthú agus a chur ag caint, nó ag canadh, nó ag gluaiseacht ar an scáileán. Is féidir leis an tuismitheoir aithne a chur ar an bhfeidhmchlár go tapa, agus ansin obair i dteannta an pháiste

LaTex - Tacaíocht Chlóchuradóireachta don Ghaeilge »

Tá tacaíocht don Ghaeilge ann mar chuid den phacáiste clóchuradóireachta LaTex, áis a bhaineann lucht léinn an-chuid leasa as.

Inno - Clár suiteála do Windows »

Tá aithne againn ar fad ar an gconair a leantar nuair a bhíonn clár nua á shuiteáil againn ar ár ríomhairí - brúitear an cnaipe “suiteáil/install” agus tarlaíonn na céimeanna ina dhiaidh go huathoibríoch - draíocht. Is uirlis saor ó chostas é inno a chuireann ar chumas an té a chruthaíonn an bogearra sin an áis shuiteála sin a chruthú sa chaoi is gur féidir an bogearra sin (nó comhaid, ⁊rl) a shuiteáil ar bhealach tapa agus eagraithe.

Aimsir »

Seo aip, don iPhone amháin, agus a forbraíodh as an nua ag Moonswing i mBaile Átha Luain, a chuireann ar do chumas réamhfháisnéis na haimsire a bheith agat chomh fada le seacht lá chun cinn, d’aon áit in Éirinn.

Crosfhocal Saol »

Tá crosfhocal míosúil ag an iris Saol, ina ndéantar duais a thairiscint.

Léigh Linn »

Áis léitheoireachta is ea Léigh Linn. Tá leabhair Ghaeilge agus eolas fúthu le fáil air. Tá an chéad chuid de gach leabhar ar fáil i bhfoirm ríomhleabhair (ebook) agus i bhfoirm closleabhair (audio book). Is féidir leat éisteacht leis an leabhar nó é a léamh ar do ríomhaire, ar do thaibléad, nó ar d’fhón cliste. Má thaitníonn an leabhar leat, is féidir an chuid eile de a cheannach agus a íoslódáil.