Tá tacaíocht don Ghaeilge ann mar chuid den phacáiste clóchuradóireachta LaTex, áis a bhaineann lucht léinn an-chuid leasa as.
Seo aip, don iPhone amháin, agus a forbraíodh as an nua ag Moonswing i mBaile Átha Luain, a chuireann ar do chumas réamhfháisnéis na haimsire a bheith agat chomh fada le seacht lá chun cinn, d’aon áit in Éirinn.
Tá crosfhocal míosúil ag an iris Saol, ina ndéantar duais a thairiscint.
Áis léitheoireachta is ea Léigh Linn. Tá leabhair Ghaeilge agus eolas fúthu le fáil air. Tá an chéad chuid de gach leabhar ar fáil i bhfoirm ríomhleabhair (ebook) agus i bhfoirm closleabhair (audio book). Is féidir leat éisteacht leis an leabhar nó é a léamh ar do ríomhaire, ar do thaibléad, nó ar d’fhón cliste. Má thaitníonn an leabhar leat, is féidir an chuid eile de a cheannach agus a íoslódáil.