Windows XP, Comhéadan Gaeilge do »

Tá Pacáiste Comhéadan Teanga don Ghaeilge ("LIP” - Language Interface Pack) ar fáil don chóras oibriúcháin Microsoft Windows XP. Nuair a chuirtear an comhéadan seo i bhfeidhm, is i nGaeilge a bhíonn formhór mór na téarmaíochta a fheictear ar an scáileán, ag tosú leis an bhfocal “Fáilte” nuair a thosaíonn an córas. Tá an téarmaíocht Ghaeilge an-sothuigthe den chuid is mó. Nóta: Ní mór leagan oifigiúil de Windows XP a bheith suite ar an ríomhaire sa chéad áit.

Windows 7, Comhéadan Gaeilge do »

Tá Pacáiste Comhéadan Teanga don Ghaeilge ("LIP” - Language Interface Pack) ar fáil don chóras oibriúcháin Microsoft Windows 7. Nuair a chuirtear an comhéadan seo i bhfeidhm, is i nGaeilge a bhíonn na codanna is mó a bhaintear leas astu faoin gcóras. Tá an téarmaíocht Ghaeilge an-sothuigthe den chuid is mó. Nóta: Ní mór leagan oifigiúil de Windows 7 a bheith suite ar an ríomhaire sa chéad áit.

Linux KDE, Comhéadan Gaeilge do »

Tá Pacáiste Comhéadan Teanga don Ghaeilge ar fáil don chóras oibriúcháin KDE do Linux. Nuair a chuirtear an comhéadan seo i bhfeidhm, is i nGaeilge a bhíonn na codanna is mó a bhaintear leas astu faoin gcóras (ar a laghad 95% de na teachtaireachtaí is coitianta). Tá an téarmaíocht Ghaeilge an-sothuigthe. Ar ndóigh tá KDE saor in aisce, mar baineann sé leis an bhfealsúnacht Foinse Oscailte.

Ubuntu »

Is córas oibriúcháin de chuid Linux é Ubuntu atá ar fáil saor in aisce. Dearadh é le go mbeadh daoine in ann dul i dtaithí air gan dua agus go mbeadh sé furasta feidhm a bhaint as. Bíonn Ubuntu lán le ríomhchláir réamhshuite amhail Mozilla Firefox, LibreOffice agus araile. Is féidir Ubuntu a shuiteáil ar do ríomhaire agus Gaeilge a roghnú mar theanga an chomhéadain. Is féidir Ubuntu amháin a shuiteáil ar ríomhaire nó is féidir é a shuiteáil ar ríomhaire ar a bhfuil Windows cheana féin.

Fedora »

Is córas oibriúcháin de chuid Linux é Fedora atá ar fáil saor in aisce. Dearadh é le go mbeadh daoine in ann dul i dtaithí air gan dua agus go mbeadh sé furasta feidhm a bhaint as. Bíonn Fedora lán le ríomhchláir réamhshuite amhail Mozilla Firefox, LibreOffice agus araile. Is féidir Fedora a shuiteáil ar do ríomhaire agus Gaeilge a roghnú mar theanga an chomhéadain. Is féidir Fedora amháin a shuiteáil ar ríomhaire nó is féidir é a shuiteáil ar ríomhaire ar a bhfuil Windows cheana féin.

Windows 8, Comhéadan Gaeilge do »

Tá Pacáiste Comhéadan Teanga don Ghaeilge ("LIP” - Language Interface Pack) ar fáil don chóras oibriúcháin Microsoft Windows 8. Nuair a chuirtear an comhéadan seo i bhfeidhm, is i nGaeilge a bhíonn na codanna is mó a bhaintear leas astu faoin gcóras. Tá an téarmaíocht Ghaeilge an-sothuigthe den chuid is mó. Nóta: Ní mór leagan oifigiúil de Windows 8 a bheith suite ar an ríomhaire sa chéad áit, i mBéarla (SAM, RA).

Gaoluinn.com »

Is suíomh eolais atá anseo. Tá eolas teicniúil ar an suíomh seo i mBéarla agus Gaeilge na Mumhan. Tá ailt air faoi chartlannaíocht dhigiteach, Word Press agus Bash. Pléann sé script bash chun logánú theangacha Ceilteacha a chur i gcrí ar stáisiúin oibire Ubuntu freisin.

Tá míniú ar úsáid Bash agus Word Press sa rannóg bogearra freisin.

23/03/2015