« » 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13
tabhair freagratabhair freagra #4 Ciarán 29 Meitheamh 2011, 14:58 GMT
Ba mhaith liom é seo a úsáid. An bhfuil taithí ag éinne ar é a úsáid?
tabhair freagratabhair freagra #5 Cathal 29 Meitheamh 2011, 15:38 GMT
Ar bhain éinne leas as an gcluiche seo?
tabhair freagratabhair freagra #6 Éamonn Breathnach 9 Meán Fómhair 2011, 17:50 GMT
Is mór is fiú an cláirín seo. Tá sé an-sciopadh go deo agus an-éasca comhad PDF a oscailt. Osclaíonn sé comhad i bprad na súil.
tabhair freagratabhair freagra #7 Deirdre Ní Loinsigh 27 Meán Fómhair 2011, 11:36 GMT
Is aoibhinn liom an féilire seo. Cabhraíonn sé go mór liom i rith an lae chun cuimhniú ar na rudaí atá le déanamh agam. N'fheadar conas mar a mhair mé gan é roimhe seo??
tabhair freagratabhair freagra #8 Gráinne Ní Riain 28 Meán Fómhair 2011, 17:34 GMT
Is aoibhinn liom Facebook. Bím de shíor air! Gach lá, scríobhaim teachtaireachtaí agus feicim cad a bhíonn ar siúil ag mo chairde agus mo mhuintir. Mura bhfuil tú ar Fhacebook, níl saol agat.
tabhair freagratabhair freagra #9 Cormac Ó Maolchatha 28 Meán Fómhair 2011, 17:38 GMT
Tá an suíomh seo ar fheabhas. Is breá liom na grianghraif a fhoilsítear air gach lá. Tá sé an-éasca grianghraif a fhoilsiú. Is féidir liom iad a thaispeáint ar Fhacebook freisin. Taispeántar na grianghraif i méid mhór agus breathnaíonn siad go hiontach.
tabhair freagratabhair freagra #10 Rónán Ó Gallachóir 28 Meán Fómhair 2011, 17:42 GMT
Je veux apprende le francais!!! Cén Fhraincis atá ar rothar? Nó ceolchoirm? Tá siad go léir sa bhfoclóir seo. Is maith liom gur féidir focail nua a chuir leis. Bheadh sé go deas rud dá mbeadh foclóir Gaeilge-Fraincise do ríomhairí ar nós Wingléacht. Mar sin féin, tá an ceann seo go breá chun focail i bhFraincis a aimsiú.
tabhair freagratabhair freagra #11 Diarmaid 30 Meán Fómhair 2011, 11:01 GMT
An bhfuil cead ag daoine atá níos sine ná a 5 bheith ag súgradh le seo??
tabhair freagratabhair freagra #12 Síofra 30 Meán Fómhair 2011, 11:04 GMT
An féidir liom leas a bhaint as seo in ionad na seinnteoirí ceoil atá ar an nguthán agam?
tabhair freagratabhair freagra #13 An Cainteoir Dóchais 3 Deireadh Fómhair 2011, 13:20 GMT
> An bhfuil cead ag daoine atá níos sine ná a 5 bheith ag súgradh le seo??
Tá, más i nGaeilge atá an ríomhchlár agat. Ansin ní ag súgradh atá tú ach ag déanamh obair thábhachtach ar son na teanga ;-)
« » 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13
Abair leat, más mian leat!
CEIST SHLÁNDÁLA: náid + naoi =
Tabhair freagra na ceiste ina fhocal (mar shampla "seacht"). Iarrtar ort é seo a dhéanamh chun bac a chur ar sheoltóirí uathoibríocha turscair. Má dhéanann tú botún, gheobhaidh tú seans eile.
D'ainm Suíomh idirlín nó seoladh ríomhphoist (roghnach)