« » 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13
tabhair freagratabhair freagra #24 Ciarán 24 Márta 2012, 17:39 GMT
A Sheáin, caithimid an cheist sin a phlé le hAonghus, a mhol an cluiche. GRMA. Ciarán.
tabhair freagratabhair freagra #25 aonghus 25 Márta 2012, 13:36 GMT
Is féidir leaganacha éagsúla a imirt leis an gcluiche, leagan 3D ina measc.

Tá teacht ar na roghanna tríd Cumraíocht -> Roghanna -> Clár

Tá roinnt eolais bhreise ar an Vicí, ach ós rud é gur saorálaigh atá ina bhun agus gur scriosaigh cheana é níl an t-eolas iomlán fós.

http://scrabble.game-server.cc/wiki/index.php/Main_Page/ga
tabhair freagratabhair freagra #26 Seán 25 Márta 2012, 23:55 GMT
Maith agaibh Aonghus agus Ciarán
tabhair freagratabhair freagra #27 Seán 26 Márta 2012, 01:17 GMT
Ceist teicneach le do thoil! Tá Scrabble3D aimsithe agam ar an idirlín le íoslódáil i gcúpla leagan.
1. Scrabble3D-i386.deb
Níor bhain mé triail as seo mar tá sé i leith Ubuntu, rud nach bhfuil agam.
2. Scrabble3D-i386.rpm
Tá an ceann sin déanta do Fedora (úsáidim fedora) agus oibríonn sé ach tuairteáileann sé ar mo ríomhaire uaireanta (i rith cluiche scrabble) mar is ríomhaire i686 atá agam. I bhfocail eile, tá Scrabble3D-i686.rpm á lorg agam.
3. An foinse (tar.gz)
D'aimsigh mé an cód foinse ar an idirlín agus ní raibh aon comhad INSTALL nó README leis agus ní raibh fhios agam conas chun é a thiomsú.

Má tá aon réiteach agat ar an fadhb seo bheinn fíor buíoch.
tabhair freagratabhair freagra #28 aonghus 26 Márta 2012, 09:56 GMT
Sílim gurbh é seo an leagan atá de dhíth ort!
http://sourceforge.net/projects/scrabble/files/Main_Program/Linux/Scrabble3D-x86_64.rpm/download

Maidir le 3 ní thig liom cabhrú leat, níl ríomhaire Linux agam féin go pearsanta.
tabhair freagratabhair freagra #29 Seán 26 Márta 2012, 15:41 GMT
Maith agat ach tá an leagan Scrabble3D-x86_64.rpm i leith ríomhairí 64-bit, de réir mo eolas. Tá ríomhaire 32-bit agam. Tá formóir na ríomhairí in úsáid inniu fós 32-bit, ceapaim.
tabhair freagratabhair freagra #30 aonghus 26 Márta 2012, 16:06 GMT
Oh. Tuigim. Níl fhios agam, is dócha nach bhfuil RPM dó sin ann.

Cá bhfuair tú an tar.gz? De réir mo thuiscint tar éis súil a chaitheamh ar an Forum, níl sé chomh simplí sin an tiomsú a dhéanamh - is le Free Pascal a cruthaíodh é.
Seans go gcabhródh ceist a chuir ansiúd.
http://17085.homepagemodules.de/
tabhair freagratabhair freagra #31 Colmcille Ó Monacháin 30 Márta 2012, 22:17 GMT
Go raibh maith agaibh ar son an leagan Gaeilge seo de Skype a chur ar fáil. Bainfidh mé tairbhe as.

Abraigí liom an dteastaíonn aiseolas uaibh, agus déanfaidh mé mo dhícheall a chur chugaibh.
tabhair freagratabhair freagra #32 Seanán Ó Coistín 2 Aibreán 2012, 01:07 GMT
A Cholmcille,

Go raibh maith agat as ucht do theachtaireacht. Tá súil agam go mbainfidh tú sult agus tairbhe as an gcomhéadan Gaeilge. Ba bhreá linn d'aiseolas faoin gcomhad. GRMA
tabhair freagratabhair freagra #33 April 19 Aibreán 2012, 15:24 GMT
Go raibh maith agaibh as an leagan Gaeilge de Skype a chur sibh ar fáil. Tá mé an-buíoch díobh as an obair ar fad atá déanta agaibh!

Dochreidte ach labhraíonn beagnach 'chuile rud ar mo ríomhaire Gaeilge liom! **Squee**

{B'fhéidir go mbeidh sibh in ann Blender a aistriú? Le do thoil. : )
blender.org}
« » 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13
Abair leat, más mian leat!
CEIST SHLÁNDÁLA: náid + trí =
Tabhair freagra na ceiste ina fhocal (mar shampla "seacht"). Iarrtar ort é seo a dhéanamh chun bac a chur ar sheoltóirí uathoibríocha turscair. Má dhéanann tú botún, gheobhaidh tú seans eile.
D'ainm Suíomh idirlín nó seoladh ríomhphoist (roghnach)