Microsoft Office 2010 - comhéadan Gaeilge

Íosluchtaigh
Údar:

Microsoft

Ceadúnas: Saor in aisce ach ní mór Microsoft Office a bheith agat cheana féin
Maidir Leis

Is dócha gurb é Microsoft Office an clár is mó úsáidte in oifigí an domhain. Tá comhéadan Gaeilge ann do Mhicrosoft Office 2010 (LIP - Language Interface Pack). Ní mór Microsoft Office 2010 a bheith suiteáilte cheana féin ar do ríomhaire sular féidir an comhéadan Gaeilge a chur i bhfeidhm air. Tá an comhéadan ar fáil saor in aisce. Tá comhad amháin ann do gach cuid de Mhicrosoft Office - Outlook, Word, Excel, PowerPoint agus Outlook.

Treoracha

Tá na treoracha ar fáil ar an leathanach seo i scriobh.ie.

Teanga an Chomhéadain agus Teanga Eagarthóireachta

Is é aidhm an láithreáin seo ná a mhíniú cén chaoi le teanga an chomhéadain a athrú go Gaeilge. Ní mór a thuiscint, áfach, nach ionann teanga an chomhéadain agus an teanga eagarthóireachta. Tá a thuilleadh maidir leis seo ar scriobh.ie.

Léirmheas

Sraith feidhmchlár den scoth, ach is gá íoc astu.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Microsoft

An tAistriúchán:

Tá an t-aistriúchán a rinneadh ar na feidhmchláir seo an-mhaith.

Tá na téarmaí sothuigthe den chuid is mó, agus níl aon amhras go raibh ar Mhicrosoft focail agus téarmaí nua a chumadh don saothar seo.

Litreoirí Leictreonacha

Tá litreoir leictreonach ann freisin, ó Mhicrosoft. Bhí sé maith nuair a eisíodh é, ach níor ceartaíodh na botúin riamh, agus ní dhéantar athnuachan air.

Tá táirge (.i. litreoir) eile ann, ó Cruinneog, bunaithe ar Gaelspell agus tá a thuilleadh eolais faoi anseo.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ