Google Translate do ghutháin

Íosluchtaigh
Údar:

Google

Ceadúnas: Saor in aisce
Maidir Leis

Má tá aistriúchán de dhíth ort agus ní féidir leat teacht ar ríomhaire, is féidir focail agus abairtí a aistriú go gasta ar do ghuthán soghluaiste trí feidhm a bhaint as Google Translate. Tá 65 theanga mar rogha ar an bhfeidhmchláirín seo, an Ghaeilge san áireamh dár ndóigh. Is feidhmchláirín fíor-áisiúil é nuair atáthar thar lear agus nuair nach mbíonn fios, fáil ná rún agat cad is brí le rud éigin scríofa os do chomhair.

Treoracha

Íosluchtaigh an feidhmchláirín seo ó Ghoogle Play. Is féidir é a shuiteáil go díreach go dtí do ghuthán. Suiteálfar go han-tapa é.

Is féidir feidhm a bhaint as Google Translate ar do ghuthán chun teachtaireacht téacs a aistriú. Cuir i gcás gur sheol duine teachtaireacht chugat i bhFraincis, is féidir an teachtaireacht a aistriú go Gaeilge (nó teanga eile). Mar bhreis ar sin, is féidir éagarthóireacht a dhéanamh ar an teachtaireacht má tá botún nó giorrúchán sa teachtaireacht ionas go dtuigfear an téacs bunaidh i gceart. Is cleas iontach sin chun naisc agus tuiscint a chruthú idir phobail éagsúla ar fud na cruinne.

Léirmheas

FAINIC - Tugann Google Translate gaoth an fhocail duit. Níl sé beacht. Is fearr leas a bhaint as chun brí éigin a fháil ar fhocal ach ná déan talamh slán den aistriúchán. Is iomaí brí atá ag focail agus tá tuiscint de dhíth ó dhuine chun an bhrí cheart a fháil.

Aistriúchán

An tAistriúchán:

Tá roghchláir an fheidhmchláirín seo i nGaeilge. Ní amháin gur féidir focail i dteangacha eile a aistriú go Gaeilge ach is féidir an comhéadan a bheith i nGaeilge fosta.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ