Is brabhsálaí saor ó chostas, de chuid Microsoft, é Internet Explorer (IE). Tá an leagan reatha, IE 11, ar fáil as Gaeilge. Tá an feidhmchlár seo in úsáid ag sciar mór den phobal, go háirithe sna Stáit Aontaithe.
Oscail Internet Explorer agus brú F10 muna bhfuil an barra uirlisí le feiceáil. Téigh go Tools - Internet Options. Tá ‘Languages’ ar bun an bosca nua a osclaíonn, brú ar sin. Osclóidh painéal rialúcháin. Muna bhfuil an Ghaeilge mar rogha teanga agat sa bhosca sin brú ar ‘Add Language’ agus roghnaigh an Ghaeilge. Má tá dé agat, dean clic faoin dhó ar ‘options’ in aice le Gaeilge.
Beidh ort an Internet Explorer a dhúnadh sula n-oibríonn sé.
Níl ceartaitheoir litrithe Gaeilge ann dó, faoi mar atá ann do Firefox, go bhfios dúinn.
Bainisteoir Aistriúcháin: | Microsoft |
An tAistriúchán: | De ghnáth, bíonn na haistriúcháin ag Microsoft ar fheabhas. |