DuckDuckGo don Ríomhaire

Íosluchtaigh
Údar:

DuckDuckGo

Ceadúnas: Saor
Maidir Leis

Is inneall cuardaigh é DuckDuckGo. In ainneoin an ainm aistí, an rud atá éagsúil i dtaca leis seo ná nach mbíonn taifead ar bith á dhéanamh maidir leis an gcuardach ag an úsáideoir. (An nós ag Google, mar shampla, ná taifead a dhéanamh ar an gcuardach agat agus feidhm á bhaint as chun an tseirbhís “a chur in oiriúint duit"). Is fusa torthaí a aimsiú mar chuirtear gach toradh ar aon leathanach amháin mar sin ní gá dul ar aghaidh go dtí leathanach eile.

Ní amháin go bhfuil sé slán agus ní leantar do chuardach, tá cuma dheas air. Nuair a rachfar i dtaithí air, ní bheidh fonn ort feidhm a bhaint as innill chuardaigh eile.

Treoracha

Téigh go www.duckduckgo.com agus brúigh an deilbhín ar bharr an taoibh dheis (trí bharra cothrománacha). Is roghchlár seo chun rochtain a fháil ar socruithe. Nuair a fheictear an roghchlár, brúigh ar “Socruithe” agus ansin osclófar leathanach nua (https://duckduckgo.com/settings) air ar féidir na socruithe a athrú chun é a chur in oiriúint duit féin.

Sa réimse “Language” roghnaigh an Ghaeilge. Cuir an rogha sin i dtaisce trí an cnaipe ar bun a bhrúigh.

Nuair a bhainfidh tú feidhm as DuckDuckGo ina dhiaidh sin, beidh na roghanna ar an suíomh le feiceáil i nGaeilge.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Seanán Ó Coistín

An tAistriúchán:

Tá sé aistrithe go Gaeilge.

Moltaí Aistriúcháin:

seanan@durud.ie

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ