Aip Aerfoirt

Íosluchtaigh
Údar:

Horsebox Software

Maidir Leis

Tá aip ann do ghutháin Android a chuireann eolas maidir le heitiltí isteach agus amach as aerfoirt áirithe, ina measc Baile Átha Cliath, Corcaigh, agus roinnt eile thar lear. Tá an ceann áirithe seo, a forbraíodh in Éirinn, ar fáil as Gaeilge.

Suiteáiltear an leagan Gaeilge ar do ghléas Android nuair is í an Ghaeilge an teanga atá roghnaithe ar an ngléas agat. Ní féidir an teanga a athrú go neamhspleách.

Treoracha

Ar GooglePlay téigh ar thóir “Dublin airport horsebox” (nó Cork, agus mar sin de, más spéis leat Corcaigh ⁊rl). An chúis leis an bhfocal “horsebox” a bheith ann ná gurb é sin ainm na cuideachta a rinne forbairt ar an aip. Má tá an gléas agat ag feidhmiú as Gaeilge cheana féin, is as Gaeilge a shuiteálfar an t-aip.

Ní féidir an teanga a athrú laistigh den aip féin.

Léirmheas

Tá roinnt leaganacha éagsúla den aip seo ann, ag briath ar an aerfort atá i gceist, agus freisin ar cé chomh toilteanach atá tú íoc as. Sa leagan saor in aisce ("lite"), feictear poiblíocht ar an scáileán. Chun fáil réidh leis sin, ní mór roinnt euro a íoc.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Ciarán Ó Bréartúin

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ