µTorrent

Údar:

µTorrent

Ceadúnas: Saor in aisce
Eile 
Maidir Leis

Gasta, feidhmiúil agus saor in aisce. Is é µTorrent an ríomhchlár BitTorrent is mó a bhaintear feidhm as ar domhan. Ligeann µTorrent duit comhaid Torrent a íosluchtú agus a roinnt le daoine eile gan dua. Tá sé ar fáil do Windows, Mac agus Linux (trí Wine). Is ríomhchlár beag é nach mbaineann leas as mórán cuimhne. Is féidir é a shaincheapú freisin. Is féidir cuma an ríomhchláir a athrú trí “chraiceann” a chur air.

12/02/2015

Treoracha

Socrú Teanga

Nuair a íosluchtaítear an clár seo, iarrtar ort an teanga a roghnú. Roghnaigh Gaeilge, agus oibreoidh an clár as Gaeilge nuair a thosaíonn sé.

Má tharlaíonn nach bhfuil sé fós i nGaeilge (toisc córas an ríomhaire fós a bheith i mBéarla, ná ar chúiseanna eile), téigh go dtí Options > Preferences ... agus i Languages, agus roghnaigh Gaeilge ansin.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Seanán Ó Coistín

An tAistriúchán:

Tá formhór den ríomhchlár aistrithe go Gaeilge. Bíonn sé de shíor á nuashonrú.

Moltaí Aistriúcháin:

seanan@durud.ie

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ