Webfeud

Íosluchtaigh
Maidir Leis

Tá an cluiche ar-líne Webfeud ar fáil as Gaeilge. Is éard is Webfeud ann ná cluiche focal atá cosúil go maith le Scrabble. Is féidir imirt in aghaidh cairde a bhfuil an t-aip acu, an ríomhaire féin ag leibhéil éagsúla go maith nó in aghaidh daoine randamacha. Is féidir caint le do chéile comhraic air chomh maith. Tá gné amháin den chluiche a chruthóidh conspóid áirithe áfach, is é sin go ligtear claochluithe tosaigh, uruithe is ginidigh a úsáid, rud nach n-aontóidh gach éinne leis. Tá an nós seo ann go pointe i leagan Gaeilge Scrabble. Is éasca dul i dtaithí air agus tá i bhfad níos mó féidearthachtaí focal ann nuair a bhaintear úsáid as.

Treoracha

Cé go mb’fhéidir go gceapfaidh roinnt daoine gur cineál caimiléireachta atá ann is féidir tíleanna a leagan ar an gclár agus deir an t-aip leat an bhfuil nó nach bhfuil siad ceadaithe, fiú mura bhfuil aon tuiscint agat ar an gciall atá leo, ar an gcaoi sin is bealach maith é cur le do stór focal.

Cé nach bhfeictear an t-eolas maidir leis an bhfoclóir Gaeilge go fóill, tá sé ann! Brúigh Play agus feicfidh tú é! Ansin, is féidir leat clárú. Go n-éirí leat agus bain taitneamh as!

Léirmheas

Tá leagan amach an chluiche agus an dearadh breá simplí, intuigthe is glan. Tá 21 teanga éagsúil ann. Tá leagan Gaeilge an chluiche curtha ar fáil ag Kevin Scannell, mórlaoch na ríomhaireachta Gaeilge. Is féidir é a imirt ar PC nó Mac agus ar Blackberry Playbook, iPad, taibléidí Android agus Windows Phone 7. Is féidir é a íosluchtú trí chliceáil ar an nasc thuas.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Kevin Scannell

An tAistriúchán:

An-mhaith

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ