11/12/14 Nuacht iontach: Tá Gmail ar fáil anois - dod’ ríomhaire - i dtogha na Gaeilge. Tá Gmail, ó Google, ar cheann de na háiseanna ríomhaireachta is mó úsáide ar domhan, agus is ar éigean gur gá é a mhíniú. Tharla aistriú meithle sa dara leath de 2014, faoi stiúir Google féin, agus fógraíodh don phobal é ag tús mí na Nollag, 2014. Tá súil againn go leanfaidh neart áiseanna eile é.
Téigh go dtí na socruithe agus roghnaigh Gaeilge.
Más Béarla atá agat, tosaigh leis seo:
Roghnaigh “Settings”. Téigh go dtí an áit a bhfuil Gaeilge le feiceáil.
Agus ansin roghnaigh Gaeilge:
Agus inis do do chairde!
Beidh sé ar fáil don iPhone go luath, ach toisc gur táirge eile an leagan don ghuthán Android, ní bheidh sé sin ar fáil go ceann tamaill.
Tá gach éinne iontach sásta faoi seo!
An tAistriúchán: | Tá an suíomh ar fad ar fáil i nGaeilge, agus é déanta go han-mhaith. |