Rainlendar

Údar:

Kimo Pekkola, Rainlendar

Ceadúnas: Saor
Maidir Leis

Is féilire tarraingteach do ríomhairí é Rainlendar. Coimeádann an feidhmchlár seo na himeachtaí is tábhachtaí ("rudaí le déanamh") le feiceáil ar an scáileán (.i. an deasc i gcás Windows). Fanann an féilire i bhfolach laistiar de aon fhuinneog atá ar oscailt, ach é gníomhach i gcónaí. Tá líon mór roghanna ar fáil i Rainlendar. Mar shampla, is féidir mí amháin, nó an bhliain ina hiomláine, a thaispeáint ar an scáileán. Tá an clár insaincheaptha freisin, sé sin is féidir craiceann (.i. cuma) nua a chur air, de réir mar is mian leis an úsáideoir.

Treoracha

Caithfear dhá mhír éagsúla a íosluchtú. Téigh go dtí an leathanach íosluchtaithe. Roghnaigh an córas oibriúcháin cuí. Brúigh an córas cuí. Íosluchtófar an comhad. Nuair atá sé íosluchtaithe, déan é a shuiteáil.

Caithfear freisin dul go dtí leathanach na dteangacha chun an comhad Gaeilge a íosluchtú. Íosluchtaigh an Ghaeilge. Ag bun an leathanaigh sin tá comhad craicinn ann (sé sin, an comhad a chuirtear i bhfeidhm ar an bhféilire chun an teanga a athrú ar an bhféilire.) Íosluchtaigh é seo freisin.

Nuair atá an dá chomhad seo agat, tarraing isteach iad go dtí an féilire ar an scáileán agus scaoil leo. Cuirfear i bhfeidhm ar Rainlendar iad. Ní mór Rainlendar a athnuachaint ansin chun an toradh a fheiceáil. Téigh go dtí an roghchlár ar Rainlendar agus roghnaigh Refresh. Ba chóir go bhfeicfí an Ghaeilge ar an scáileán díreach ina dhiaidh sin.

Léirmheas

Is féilire iontach é seo a chabhraíonn go mór leat agus tú ag eagrú imeachtaí. Tá dearadh deas air freisin. Tá sé an-éasca feidhm a bhaint as agus imeachtaí a shonrú ann.

Tá féilire dá leithéid seo an-úsáideach, mar is áis é a chabhraíonn leat na himeachtaí is tábhachtaí i do shaol a choinneáil ós do chomhair ar bhealach discréideach.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Seanán Ó Coistín

An tAistriúchán:

Tá an ríomhchlár ar fad aistrithe go Gaeilge agus is aistriúchán snasta agus sothuigthe é. Tá botún nó dhó ann, ach ceartófar iad seo amach sa chéad leagan eile.

Tá roinnt téarmaí neamhchoitianta ann:

  • Caonda: príobháideach
  • Teagmhas: cruinniú
  • Atarlú: rud éigin a tharlaíonn go rialta
Moltaí Aistriúcháin:

seanan@durud.ie

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ